ADVERT ID 208957

Deputy Principal

.

Gaelscoil Uí Éigeartaigh

Carraig an Fhia
An Cóbh,
Co. Chorcaí
Cobh
P24 AF83
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Primary
Date Posted:
Thu Mar 14 2024 13:10:01
Application Closing Date:
Thu Mar 28 2024
Commencement Date:
Mon Apr 8 2024
Status of Post:
Permanent
This is a readvertisement
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
8
Current Enrolment:
106
Droichead school:
Yes
.

POST DETAILS

Additional Information:
ATH-FHÓGRA atá anseo toisc go raibh botún sa seoladh ríomhphoist a cuireadh amach sa chéad fhógra!
N.B. Ba chóir, mar sin do aon iarrthóir gur suim leo an post seo cur isteach air an athuair chuig:
gscobhiarratais@gmail.com

Is mian le Gaelscoil Uí Éigeartaigh Príomhoide Tánaisteach a cheapadh.
Is folúntas buan é seo a bheidh á líonadh trí chomórtas oscailte (de réir mar atá leagtha amach i gCiorclán 0044/2019)
Is Gaelscoil chomhoideachasúil í Gaelscoil Uí Éígeartaigh atá faoi phátrúnacht an Easpaig Chaitlicigh Chluana.
Tá 8 múinteoirí ar fhoireann na scoile chomh maith le 3 Chúntoirí Riachtanas Speisialta agus Rúnaí Scoile.

Titeann dualgais agus freagrachtaí an phoist seo faoi na réimsí a leagtar amach sa
Chiorclán 44/2019.
Réimse 1: Ceannaireacht ar fhoghlaim agus ar theagasc
Réimse 2: An eagraíocht a bhainistiú
Réimse 3: Ceannaireacht ar fhorbairt na scoile
Réimse 4: Acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide,
bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt
polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na
scoile.

Beidh na scileanna agus na hinniúlachtaí thíos ina mbuntáiste d’iarratasóirí:
- Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
- Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
- Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a
bhainistiú
- Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a
fhorbairt sa scoil

Chun iarratas a dhéanamh ar an bpost seo, ní mór Foirm Iarratais ar Phost an
Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide (leagan leictreonach) a sheoladh chuig
gscobhiarratais@gmail.com faoi 5 i.n. ar an spriocdháta.
Iarrtar ar iarrthóirí " Príomhoide Tánaisteach" a chur i líne an ábhair sa ríomhphost.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
19899M
Apply To:
gscobhiarratais@gmail.com
County:
Cork

SHARE THIS ADVERT