ADVERT ID 208981

Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le saineolas san Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta agus Gaeilge/Múineadh na Gaeilge

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Thu Mar 14 2024 15:19:23
Application Closing Date:
Fri Apr 5 2024
Commencement Date:
Mon Aug 26 2024
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le saineolas san Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta agus Gaeilge/Múineadh na Gaeilge
Description:
Institiúid Oideachais Marino (IOM)

Spreagtha ag an bhfís Chríostaí, is pobal teagaisc, foghlama agus taighde í Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste cleamhnaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Ollscoil Bhaile Átha Cliath í IOM agus cuirtear cúrsaí oideachais fochéime agus iarchéime ar fáil inti.

Cuireann Comhlacht Rialaithe IOM cuireadh roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha don phost mar

Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le saineolas san Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta agus Gaeilge/Múineadh na Gaeilge

Freagrachtaí agus Téarmaí Ginearálta agus Coinníollacha Fostaíochta

1 PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA AGUS RAON FEIDHME AN RÓIL

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le saineolas san Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta agus Gaeilge/Múineadh na Gaeilge a cheapadh ar bhonn buan lánaimseartha.

Tá duine á lorg ag IOM chun bheith ina bhall nuálach gníomhach den fhoireann teagaisc agus chun modúil a theagasc lena ngabhann dualgais a bhaineann go sonrach le réimse na Gaeilge/ Múineadh na Gaeilge agus Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta. Beidh dualgais ghinearálta i réimse an oideachais freisin ar an duine a cheapfar, e.g. maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúchán, maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime, agus modúil a theagasc nach mbaineann le réimse na Gaeilge/Múineadh na Gaeilge agus Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí iarraidh ar an té a cheapfar léachtaí a thabhairt trí mheán an Bhéarla ó am go ham.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an duine a cheapfar tiomanta don mhúinteoireacht ardchaighdeáin agus don fhoghlaim ardchaighdeáin i dtimpeallacht atá mac léinn-lárnach. Is inmhianaithe spéis i dtimpeallacht ildisciplíneach. An duine a cheapfar, ní mór dó fianaise a léiriú ar thiomantas láidir do bharrfeabhas sa mhúinteoireacht, i dtaighde agus i ngníomhaíocht scolártha leanúnach.

Cáilíochtaí agus Scileanna Bunriachtanacha (i.e. scileanna nach féidir le hiarrthóir an post a dhéanamh gan iad. Ní dhéanfar iarratais a chur ar an ngearrliosta nár léirigh go soiléir go bhfuil na bunriachtanais ag an iarrthóir):

Ionas go measfar iad don phost seo, beidh an méid a leanas ag teastáil ó iarratasóirí:

Ba chóir go mbeadh na buanna seo a leanas ag iarratasóirí:
• Cáilíocht ábhartha iarchéime ag leibhéal na máistreachta nó na dochtúireachta san Oideachas nó a bheith in ann fianaise a léiriú ar dhul chun cinn maidir le dochtúireacht a chríochnú, dochtúireacht a bhaineann le Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) agus/nó Gaeilge/Múineadh na Gaeilge
• Taithí fheidhmeach ábhartha i réimse an oideachais agus cumas léirithe cúrsaí ardchaighdeáin a sholáthar ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime.
• Fianaise ar thaighde nuálach/cleachtas i réimse na Gaeilge/Múineadh na Gaeilge, go háirithe i réimse an oideachais bhunscoile agus luath-óige.
• Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse fairsing an oideachais agus i réimse níos sonraí san Oideachas Sóisialta Imshaoil agus Eolaíochta agus Gaeilge/Múineadh na Gaeilge agus an tslí a múineann múinteoirí OSIE agus an Ghaeilge ar fud chontanam an oideachais ó dhearcthaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon.
• Inniúlacht i réimse an oideachais ar líne, cuir i gcás ríomhfhillteáin, bealaí foghlama cumaisc, bealaí cianfhoghlama agus bealaí foghlama solúbtha.
• Cáilíocht teagaisc, trína bhfuil an t-iarrthóir cáilithe le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Bealach 1 nó Bealach 2).

Inniúlacht sa Ghaeilge
Caithfear iarratais a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

Beidh scrúdú Gaeilge i scríbhinn agus ó bhéal mar chuid den phróiseas agallaimh.

Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratais an dóigh a gcomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais seo.

2. CUR SÍOS POIST

An Caidreamh Tuairiscithe
Beidh ar an gceapaí na dualgais an phoist a chur i gcrích, faoi stiúradh ginearálta Cheannaire na Roinne dá dtuairiscíonn sé/sí, agus dá bhfuil sé/sí freagrach as feidhmiú na ndualgas sin ar an gcéad dul síos. Tuairisceoidh an ceapaí trí Cheannaire na Roinne agus Cheannaire Cúrsa an Bhaitsiléara Oideachais Trí Mheán na Gaeilge d’Uachtarán na hInstitiúide agus/nó d’aon oifigeach IOM eile a ainmneoidh an tUachtarán ó am go ham.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe bheith faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil, ar aon dul le riachtanais seirbhíse agus le forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí
Beidh dualgais ón liosta seo a leanas ar an duine a cheapfar:

Dualgais Ghinearálta
• Ceapadh clár/modúl, léachtóireacht, obair theagascóireachta, agus scrúdúchán i réimse na Gaeilge/Múineadh na Gaeilge le haghaidh cláir fochéime agus iarchéime (scrúduithe cainte sa Ghaeilge, An Cháilíocht sa Ghaeilge/SCG/OCG agus réimsí eile ina measc)
• Straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt
• Tiomantas a léiriú do chlár oibre taighde a shaothrú agus taighde a fhoilsiú i réimse OSIE agus/nó Gaeilge/Múineadh na Gaeilge.
• Ríomhfhillteáin a chur le chéile in éineacht le mic léinn ar fud chontanam an oideachais
• Profáil a dhéanamh ar ábhar Gaeilge
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúchán
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ag tabhairt faoi thaighde fochéime agus iarchéime
• Páirt a ghlacadh i ndualgais/próisis riaracháin uile na roinne, lena n-áirítear cruinnithe na roinne, na hInstitiúide agus grúpaí eile
• Freastal ar chruinnithe uile na gCúirteanna Scrúdaitheoirí agus páirt a ghlacadh iontu
• Ballraíocht ar choistí na hInstitiúide agus dualgais a chomhlíonadh a bhaineann leis na coistí sin
• Ceannaireacht a léiriú i réimse a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis don Institiúid, mar shampla an inbhuanaitheacht, an t-idirnáisiúnú agus teagasc agus foghlaim ar líne
• Dul i gcomhairle le mic léinn agus leis an bpobal foghlama i gcoitinne
• Páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin le haghaidh mic léinn féideartha, cuir i gcás agallaimh a bhaineann leis an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas/mic léinn lánfhásta
• Cur le himeachtaí atá ar fhéilire na hInstitiúide, cuir i gcás an Lá Oscailte, an tseachtain ionduchtúcháin, feitheoireacht ar scrúduithe
• Moltaí a thabhairt maidir le modúil agus cúrsaí nua a cheapadh agus cur leis an gceapadh sin, de réir mar is cuí
• Feidhmiú mar theagascóir pearsanta do mhic léinn de réir mar a shanntar
• Seacht dtreoirphrionsabal na nIontaobhaithe a chur chun cinn

I measc na ndualgas tá léachtóireacht ar na cláir fochéime (Baitsiléir san Oideachas, Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), Baitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais, Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige), na cláir iarchéime (lena n-áirítear na cláir mháistreachta agus an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas), agus páirt a ghlacadh i gcláir pháirtaimseartha agus eile a chur ar fáil. An duine a cheapfar, cuirfidh sé le ceapadh cúrsaí agus polasaithe ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime araon.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór don cheapaí obair a dhéanamh mar bhall foirne i ngach réimse oibre/roinn laistigh den Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainithe ar an iomlán faoi na ceannteidil éagsúla mar atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é liosta na ndualgas. Éileofar ar an gceapaí feidhmiú ar bhealach solúbtha agus comhghleacúil. Forchoimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh nó foireann a athshannadh do réimsí eile na hInstitiúide, nó an dá rud araon, mar fhreagairt ar riachtanais seirbhíse.

3. EOLAS MAIDIR LE hIARRATAIS, MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta
Déanfar gearrliostú iarratasóirí a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, ar oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarratasóra de réir mar atá sonraithe san iarratas. Is é an t-iarratasóir atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear faisnéis ábhartha uile san áireamh lena iarratas/hiarratas agus go dtaispeánann sé/sí go soiléir conas a chomhlíonann sé/sí na critéir iarrthóra shonraithe.

Déanfaidh painéal agallaimh an t-agallamh a bheidh comhdhéanta de líon nach lú ná 3 duine, agus cuimseofar na daoine is oiriúnaí agus is cáilithí leis chun iarratasóirí sa disciplín a mheasúnú. Is é an Comhlacht Rialaithe a dhéanann gach ceapachán fostaíochta ag IOM. Cuirfear moltaí an phainéil agallaimh maidir le hiarratasóirí rathúla a cheapadh do phoist uile faoi bhráid Bhord Rialaithe IOM lena bhreithniú agus lena chinneadh.

Sa chás nach molann an painéal agallaimh ceapadh buan, forchoimeádann an Institiúid an ceart chun iarrthóir oiriúnach a cheapadh, aitheanta tríd an bpróiseas roghnúcháin, don phost ar bonn téarma seasta.

D’fhéadfaí painéal a chruthú óna bhféadfaí ceapacháin ar chonarthaí buaine nó téarma sheasta a líonadh le linn shaolré an phainéil. Cuirfear deireadh leis an bpainéal 12 mhí tar éis a dháta foirmithe, is é sin dáta an agallaimh thosaigh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá.

Tréimhse Phromhaidh
Tá an ceapachán faoi réir ag an tréimhse phromhaidh 4 mhí a chur i gcrích go sásúil. D’fhéadfaí sineadh a chur leis an tréimhse phromaidh, faoi rogha na hInstitiúide, ahc ní bheidh tréimhse níos faide ná 6 mhí i gciest. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach d’iarratasóirí rathúla uile páirt a ghlacadh i nGrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shainiúil maidir leis an bpróiseas sin ag an am iomchuí. Déanfar iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide maidir leis sin a eisiamh ó bhreithniú don cheapachán seo.

Tuarastal
Is é seo a leanas an scála tuarastal bliantúil reatha: €55,220 - €76,410.

Na hIarratais a Dhéanamh
Déan iarratas le litir chlúdaigh agus CV amháin (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil),
tríd an ríomhphost más féidir chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 5.00 i.n. Dé hAoine an 05 Aibreán 2024. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh mall.

Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.

Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Curriculum Vitae

  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT