ID FÓGRA 255411

Cúntóir Riachtanas Speisialta

.

Gaelscoil Áine

Bóthar Mobhí,
Droim Conrach,
Baile Átha Cliath
D09XP65
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Luan Meith 15 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan Meith 29 2026
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 27 2026
Stádas an Phoist:
Téarma Seasta
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
9
Rolla Reatha:
175
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Is gaelscoil nuabhunaithe, ilchreidmheach í Gaelscoil Áine atá lonnaithe i nDroim Conrach. Is é An Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019. Tá an-éileamh ar an scoil agus beidh sí ag fás go suntasach sna blianta amach romhainn.
Is post páirtaimseartha é seo ó 8:10r.n go 1:30i.n. gach lá scoile. (.83 de phost CRS = 5u 20 nóiméad in aghaidh an lae) Beidh uaireanta breise (59 uair agus 45 noim- uaireanta Pháirc an Chrócaigh) le déanamh le linn na bliana freisin. Socrófar na hamanna sin leis an té a cheapfar.

Tá ardchaighdeán Gaeilge riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí ríomhphost a sheoladh chuig gaelscoilaine.iarratais2026@gmail.com. Marcáil "CRS" go soiléir ar an iarratas.

Ní mór don iarratasóir a bheith ar fáil ar an 25ú agus 26ú lá de mhí Lúnasa 2026 do laethanta traenála foirne mar chuid d’uaireanta Pháirc Uí Chrócaigh. Déanfar painéal d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú as a dhéanfaidh folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta na n-agallamh.

Ba chóir go mbeadh cáilíochtaí ag iarratasóirí de réir Imlitir na Roinne Oideachais agus Scileanna 0051/2019. Tá an ceapachán faoi réir comhlíonadh an Achta Biúró Náisiúnta
Ghrinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012 go 2016 agus comhlíonadh Ciorclán ábhartha na Roinne maidir le grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tá an ceapachán faoi réir comhlíonadh Scagadh Sláinte Ceirde(Medmark4teachersna.ie) agus críochnú na hoiliúna ar líne de chuid Tusla -Traenáil Um Chumhdach Leanaí.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20517C
Cuir Iarratas Chuig:
Marcáil "CRS" go soiléir ar an iarratas
gaelscoilaine.iarratais2026@gmail.com
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
Dublin 9
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO