ID FÓGRA 253037

Príomhoide

.

Scoil Sancta Maria Primary School

Bunscoil Synge St
Dublin 8
Dublin 8
D08 V6R9
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Céad Beal 20 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Meith 12 2026
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 27 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
DEIS 2
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
8
Rolla Reatha:
104
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta Bhunscoil Sancta Maria cuireadh d’iarratasóirí cur isteach ar phost mar phríomhoide. Is post buan é seo agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Comhlíonfar an ceapachán de réir théarmaí imlitir 0044/2019.

Deis iontach atá ann a bheith mar chuid de scoil le comhthéacs suimiúil. Is scoil lán-Ghaeilge atá againn le buachaillí agus cailíní ó rang Naíonáin Bheaga go Rang a 6. Tá rang speisialta againn a fhreastalaíonn ar pháistí a bhfuil uathachas orthu freisin.

Oibreoidh an príomhoide leis an bhfoireann bhainistíochta scoile
chun tacaíocht a thabhairt agus ceannaireacht éifeachtach a fhorbairt laistigh den scoil.

Baineann róil agus freagrachtaí sonracha an phoist seo leis na ceithre réimse ceannaireachta agus bainistíochta mar atá leagtha amach i gciorclán 0044/2019 mar a leanas
1. Teagasc agus Foghlaim a threorú.
2. An eagraíocht a bhainistiú.
3. Forbairt scoile a threorú.
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt.

Tá sé de dhualgas ar gach iarratasóir na critéir cháilíochta seo a leanas a chomhlíonadh:

• clárú iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta trí bhealach 1 Bunscoile
• 5 bliana de thaithí aitheanta mar mhúinteoir, ní mór a mheabhrú go gcaithfidh dhá bhliain den taithí sin a bheith lonnaithe i mbunscoil aitheanta in Éirinn

Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha & scríofa riachtanach.
Is scoil Chaitliceach í Bunscoil Sráid Synge.
Caithfear a bheith cáilithe chun reiligiúin a mhúineadh.

Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin suas go dtí 16:00 ar an spriocdháta.

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
17893N
Cuir Iarratas Chuig:
cathaoirleach@bunscoilsynge.ie
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
Dublin 8
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO