ID FÓGRA 251607

Leas-Phríomhoide

.

Gaelscoil Ros Eo

f/ch CLG Naomh Maur
Rush
K56 C867
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt Beal 5 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Beal 19 2026
Dáta Tosaithe:
Céad Lún 26 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
10
Rolla Reatha:
163
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta na scoile cuireadh d'iarrthóirí cur isteach ar phost mar Leas-Phríomhoide. Is post buan é seo agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Comhlíonfar an ceapachán de réir théamaí imlitir 0044/2019.

Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt scoile a threorú
• Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, caithfidh an t-iarrthóir tiomantas agus spéis bheo a léiriú do chur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir sa scoil.
Oibreoidh an leas-phríomhoide go dlúth leis an bpríomhoide. Bainfidh freagreachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d'fhorbairt na scoile.

Beidh saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile chomh maith le scileanna ceannaireachta cruthaithe ag teastáil ó na hiarrthóirí.
Is gá fianaise ar obair mar chuid d'fhoireann agus caidrimh dhearfacha a chothú le baill foirne, gníomhaireachtaí seachtracha, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal scoile níos leithne a léiriú.

Tá de dhualgas ar gach iarrthóir na critéir cháilíochta thíos a chomhlíonadh-
Cláraithe in iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta i ngleic le bealach 1 na Bunscoile.
5 bliana de thaithí aitheanta mar mhúinteoir, agus 2 bhliain den mhéid seo a bheith lonnaithe i mbunscoil aitheanta na hÉireann.

Is Gaelscoil Caitliceach í Gaelscoil Ros Eo. Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa, de dhíth. Ní ghlacfar le hiarratais trí Bhéarla.


Feidhmeoidh an té a cheapfar mar bhall lárnach d’fhoireann ceannasaíochta agus bainistíochta na scoile. Déanfar athbhreithniú rialta ar dhualgais an leas-phríomhoide agus féadfar iad a athrú ag brath ar riachtanais reatha na scoile.


Is scoil cois farraige í atá suite i gceantar álainn i dtuaisceart chontae Bhaile Átha Cliath. Tá foireann an-fháilteach againn. Tá atmaisféar cairdiúil, oscailte agus tacúil sa scoil.


Is deis ar leith é seo d'iarratasóirí tionchar dearfach a imirt ar scoil a bhfuil todhcaí geal álainn aici.


Glacfar le hiarratais go dtí 5pm ar an spriocdháta. Ba chóir go mbeadh iarratais seolta chuig admin@gaelscoilroseo.com.


Táimid ag fás go leanúnach agus tá cead pleanála faighte againn le déanaí don fhoirgneamh scoile nua-aimseartha:
https://gaelscoilroseo.com/News/Cead-Pleanala-Ceadaithe!-Planning-Permission-Granted!/208904/Index.html


Faigh tuilleadh eolais faoin scoil:
https://www.facebook.com/gaelscoilroseo/

Is é triúr an t-íoslíon iarratasóirí atá ag teastáil chun go leanfaidh an próiseas ar aghaidh.

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20334R
Cuir Iarratas Chuig:
f/ch CLG Naomh Maur
Rush
K56 C867
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
County Dublin
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO