ID FÓGRA 249605

Múinteoir

.

SúilSiar

Ceatharlach
Ceatharlach
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Iarbhunscoil
Dáta Postáilte:
Luan Márta 30 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Aib 17 2026
Dáta Tosaithe:
Luan Meith 1 2026
Stádas an Phoist:
Conradh Páirtaimseartha Rialta
Líon na bhFolúntas:
6
Líon uaireanta sa tseachtain:
5
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is é SuilSiar.ie an t-aon ardán le hacmhainní digiteacha cuimsitheacha a thugann tacaíocht taobh amuigh den seomra ranga chun cur leis an obair iontach a tharlaíonn taobh istigh den seomra ranga lán-Ghaeilge.

Tá sé mar sprioc againn físeáin, cuir i láthair, nótaí, quizeanna agus iarpháipéir de réir topaice a sholáthar, trí Ghaeilge, do gach ábhar.

Chuige sin, ba mhór linn iarratais a fháil ó mhúinteoirí d'ábhar ar bith, ach go háirithe iad siúd a mhúineann na hábhair thíos. Is cian-obair a bheidh i gceist.

Sraith Shóisearach

Teicneolaíocht Fheidhmeach
Teicneolaíocht Adhmaid
Gaeilge T1 (canúint Chúige Uladh)
Gaeilge T1 (canúint Chúige Mumhan)
Gaeilge T1 (canúint oirthear na tíre / meascán canúintí)
Gnó
Eacnamaíocht Bhaile
Ceol
OSPS
Folláine

Sraith Shinsearach

Stair
Fisic
Corp Oideachas
Nascmhodúil (LCVP)
Bitheolaíocht
Staidéar Foirgníochta
Innealtóireacht
Gaeilge
Spáinnis

Ceapfar daoine sna poist pháirt-aimseartha seo, a bheidh comhlántach lena bpoist scoile, bunaithe ar ábhair na múinteoirí a chuireann iarratais chugainn. Is sa chéad Samhradh a dhéantar mórchuid na hoibre; is obair chothabhála, nuashonrú, agus cruthú beagán ábhair nua a bhíonn i gceist i rith na mblianta eile. Tá ráta pá iomaíoch ag dul le gach ceann de na róil seo.

Tá sé riachtanach go mbeadh taithí ábhartha sa seomra ranga lán-Ghaelach (i.e. Gaelcholáiste / Scoil Ghaeltachta) ag iarrthóir ar bith.

D’oirfeadh an cineál oibre atá i gceist go mór do mhúinteoirí a bhfuil a gcuid nótaí cruthaithe go digiteach cheana féin acu.

Tá ardchaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa ag teastáil, ACH cuirfear tacaíocht ar fáil sa chás go bhfuil sár-thaithí agus ardchumas san ábhar ag an múinteoir, ach go mbraitheann siad go mbeadh tacaíocht teanga bhreise ag teastáil uathu.

Is féidir iarratas a chur isteach le litir chumhdaigh agus CV mar aon le teistiméireachtaí. Beimid breá sásta comhrá a bheith againn (0832008892) le duine ar bith a mhothaíonn gur mhaith leo a thuilleadh eolais a fháil sula gcuireann siad isteach ar phost.
Ábhar Riachtanachs:
Gnó
Staidéar Gnó
Staidéar Foirgníochta
Grafaic Dheartha agus Chumarsáide
Ábhar Breises:
Eacnamaíocht Bhaile
GCAT
Fisic
Spáinnis
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Cuir Iarratas Chuig:
eolas@suilsiar.ie
0832008892
Contae:
Ceatharlach
Ceisteanna Chuig:
Suíomh Gréasáin:

COMHROINN AN FÓGRA SEO