ADVERT ID 248212
Deputy Principal
.
Scoil Mhuire Caiseal
Caiseal
Ceann Droma
Fánaid
Leitir Ceanainn
F92V449
Ceann Droma
Fánaid
Leitir Ceanainn
F92V449
.
MAIN DETAILS
Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Sun Feb 8 2026
Application Closing Date:
Mon Feb 23 2026
Commencement Date:
Mon Apr 13 2026
Status of Post:
Permanent
This is a readvertisement
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Scoil sa Ghaeltacht
Total No. of Teaching Staff:
4
Current Enrolment:
64
Droichead school:
No
Gaelscoil
.
POST DETAILS
Additional Information:
Faisnéis Bhreise:
Is scoil Ghaeltachta í Scoil Mhuire, Caiseal, le stádas DEIS Tuaithe, faoi phátrúnacht Deoise Ráth Bhoth. Tá ceathrar múinteoirí sa scoil - Príomhoide teagaisc, beirt mhúinteoirí ranga agus múinteoir Oideachais Speisialta.
Is folúntas é seo do phost an Leas-Phríomhoide, post buan i gcáil mhúinteoireachta le líonadh trí chomórtas oscailte.
Ní mór d’iarratasóirí teastas aitheanta a bheith acu chun reiligiún a mhúineadh, tuiscint a bheith acu ar éiteas Scoile Caitlicí agus a bheith tiomanta dó.
Is iad na 4 Fhearann Ceannaireachta agus Bainistíochta atá leagtha amach i gCaibidil 4 de Chiorclán ROS 0044/2019 a chinneann róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Phríomhoide:
1. Treoir a thabhairt don Teagasc agus don Fhoghlaim
2. Bainistiú na hEagraíochta
3. Treoir a thabhairt d'Fhorbairt Scoile
4. Inniúlacht Cheannaireachta a Fhorbairt
Beidh an t-iarrthóir rathúil ina chuid ríthábhachtach de fhoireann cheannaireachta agus bainistíochta na scoile, agus is é freagracht iomlán an duine seo tacaíocht iomlán a thabhairt don Phríomhoide i gcomhbhainistíocht agus i bhfás agus forbairt leanúnach na scoile.
De réir Chiorclán 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a leanann riachtanais na scoile ag athrú agus mar thoradh ar athbhreithniú ar dhualgais, go bhféadfadh athrú teacht ar róil agus ar fhreagrachtaí na foirne ceannaireachta agus bainistíochta.
Is iad an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide, mar aonán amháin, foireann shinsearach bhainistíochta na scoile agus oibreoidh siad le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí na scoile a bhaint amach.
Mar gheall ar fhreagrachtaí an róil, beidh ar an iarrthóir rathúil páirt a ghlacadh sa ról ceannaireachta comhroinnte lasmuigh den ghnáthlá scoile agus den ghnáthbhliain scoile, ó am go ham. Chomh maith le dualgais shonracha riaracháin agus bainistíochta a chomhlíonadh, tá ról ceannaireachta comhroinnte agus spreagtha ag an Leas-Phríomhoide.
Beidh ar an Leas-Phríomhoide ionadaíocht a dhéanamh ar an Phríomhoide i ngach gnó a bhaineann le cúrsaí eagraíochta, riaracháin agus cúrsaí smachta a bhaineann leis an scoil agus lasmuigh di i gcás nach mbíonn an Príomhoide i láthair. Roinnfear ról an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe leis an Leas-Phríomhoide freisin, mar chuid de Chosaint Leanaí sa scoil.
Oibreoidh an Leas-Phríomhoide i gcónaí i gcomhar leis an Phríomhoide agus faoina treoir.
Ina theannta sin, beidh na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:
- Eolas leathan ar churaclam na bunscoile, mar aon le réimse leathan taithí múinteoireachta lena n-áirítear taithí ar ranganna ilghráid a mhúineadh agus feasacht ar a bhfuil i gceist le múineadh i suíomh DEIS.
- Tiomantas d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
- Ardchaighdeán Ghaeilge labhartha agus scríofa a bheith agat.
- Suim sa teanga agus á cuir chun cinn i bpobal na scoile.
- Scileanna bainistíochta agus idirphearsanta den scoth a bheith agat.
- Cumas chun oibriú mar cheannaire foirne agus mar bhall foirne.
- Taithí ar ualaigh oibre a ordú, a phleanáil agus a eagrú.
- Tuiscint agus inniúlacht i dteicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus a húsáid le haghaidh oibre riaracháin agus oideachais, mar aon le ceapadh agus cur i bhfeidhm beartas.
- Taithí i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm, agus i measúnú tionscnamh agus tionscadal nuálacha scoile (e.g. Scéim Aitheantas Scoileanna Ghaeltachta, tionscnaimh litearthachta, uimhearthachta, scoileanna gníomhacha agus glasa agus tionscadail STEM & araile).
- Suim láidir i naisc agus gníomhaíochtaí dearfacha baile-scoile-pobail a chothú agus tábhacht an naisc sin a thuiscint agus a neartú.
- Toilteanas agus cumas cultúr láidir cúraim, folláine, foghlama agus cruthaitheachta a chur chun cinn i measc phobal na scoile.
- Suim i ngach rud cultúrtha lena n-áirítear ceol, drámaíocht agus filíocht.
Suim léirithe i gcur chun cinn réimse gníomhaíochtaí seach-churaclaim (e.g. ceol, spórt, drámaíocht, na healaíona agus STEM) i measc daltaí scoile.
Déan iarratas trí úsáid a bhaint as an leagan reatha den Fhoirm Iarratais Chaighdeánach do Phríomhoide/Leas-Phríomhoide.
Spriocdháta: Iarratais le seoladh trí ríomhphost tráth nach déanaí ná 3 i.n.ar an Dé Luain, 23/02/26
Beidh an ceapachán faoi réir na nithe seo a leanas, ach ní bheidh sé teoranta dóibh:
- Moltóirí Sásúla (Satisfactory References)
- Clárú reatha agus leanúnach ar an Chomhairle Mhúinteoireachta (Current and ongoing Teaching Council registration)
- Riachtanais Fíoraithe Reatha (Current Verification Requirements)
- Scagthástáil Sláinte (Occupational Health Screening)
Cuimhnigh le do thoil cóipeanna de do theastais aitheanta le haghaidh Clárú Chomhairle an Chreidimh agus an Mhúinteoireachta a chur san áireamh le d’fhoirm iarratais agus le do litir iarratais.

APPLICATION REQUIREMENTS
- It is a requirement to hold a valid Statutory Declaration and to complete the Form of Undertaking for this position.
- Letter of Application
- Referees (name, role, contact no.)
- Copy of Certificates, Diplomas, Degrees
- Teaching Council Registration
- Foirm Iarratais Chaighdeánach ar Phost an Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide – as Gaeilge
- Recognised Certificate to Teach Religious Education
.
Applications may be submitted by
.
Roll Number:
18120J
Apply To:
Iarratais ar ríomhphost roimh Dé Luain, 23.02.26 @ 3 i.n.
Ríomhphost: foluntaiscaiseal@gmail.com
Ríomhphost: foluntaiscaiseal@gmail.com
County:
Donegal
Enquiries To:
SHARE THIS ADVERT