ID FÓGRA 247799
Maoirseoir Taighde (Painéal)
.
.
PRÍOMHSHONRAÍ
Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Ard-/Breisoideachas
Dáta Postáilte:
Máirt Ean 13 2026
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Feabh 24 2026
Dáta Tosaithe:
Luan Lún 10 2026
Stádas an Phoist:
Páirtaimseartha
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ AN PHOIST
Teideal:
Maoirseoir Taighde (Painéal)
Cur síos:
Agus é spreagtha ag fís na Críostaíochta, pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea IOM atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste comhlachaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath é IOM, agus cuireann sé cláir fochéime agus iarchéime san oideachas ar fáil, lena n-áirítear cláir oideachais tosaigh múinteoirí.
Cuireann Comhlacht Rialaithe IOM cuireadh roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha don phost de Maoirseoir Taighde. (Painéal)
CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST
Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde í Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá tiomanta do chuimsiú agus barr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Tá baint fhada bhródúil againn le hoideachas, go háirithe oideachas tosaigh múinteoirí (ITE), ag dul siar breis agus 100 bliain. Le deich mbliana anuas, táthar tar éis misean acadúil agus scóip ghníomhaíochta IOM a athshamhlú chun tuiscint níos doimhne ar oideachas sa seomra ranga agus lasmuigh de a chuimsiú, chun contanam oideachais múinteoirí agus cleachtóirí oideachais speisialta sna luathbhlianta, ar leibhéal na bunscoile agus sna hearnálacha breis oideachais agus oideachais neamhfhoirmiúil a chur san áireamh.
Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) gairmithe oideachais a bhfuil taithí acu a earcú le bheith ar phainéal maoirseoirí taighde/tráchtais ar bhonn sealadach páirtaimseartha don bhliain acadúil 2026/27. Beidh an gá a bheidh le baill den Phainéal Maoirseachta agus a mhinice a bheidh siad ag teastáil ag braith ar líon na mac léinn, topaicí taighde na mac léinn, agus foireann IOM a bheith ar fáil. Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus beidh iarratais fós bailí go ceann 12 mhí.
Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine gairmiúla ar spéis leo maoirsiú agus measúnú a dhéanamh ar thaighde mac léinn do na cláir seo a leanas:
• Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), BOid.
• Máistir Gairmiúil san Oideachas – Conair Lán-Ghaeilge (Bunoideachas), MGO.
Déantar maoirseacht taighde go príomha ó Mheán Fómhair go Nollaig, agus bíonn roinnt clár (MGO) ar siúl i rith na bliana acadúla. Ba chóir go mbeadh iarratasóirí ar fáil le haghaidh 6 chruinniú 2 uair an chloig le grúpa(í) mac léinn i bpearsa nó ar líne Caithfidh iarratasóirí a bheith ar fáil chun freastal ar dhá sheisiún éigeantacha oiliúna ar a laghad ag IOM, agus ní mór dóibh a bheith ar fáil chun athbhreithniú agus measúnú a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar ábhair a chuirfear isteach. Beidh gach cruinniú sceidealta roimh ré agus leanfar sceideal soiléir.
CÁILÍOCHTAÍ & SCILEANNA RIACHTANACHA
(i.e. iad siúd nach bhféadfadh iarrthóir an post a chomhlíonadh gan iad. Ní chuirfear iarratais ar ghearrliosta mura mbíonn sé léirithe go soiléir iontu go bhfuil na bunriachtanais ag iarrthóirí).
Le go gcuirfear duine san áireamh don phost mar mhaoirseoir taighde, ní mór d’iarratasóirí an méid seo a leanas a léiriú:
o Cáilíocht Leibhéal 9 san oideachas nó i ndisciplín ábhartha maidir le maoirseacht fochéime.
o Eolas agus tuiscint den scoth ar theoiricí, ar bheartas agus ar churaclaim oideachais a bhaineann le hoideachas na luath-óige, na bunscoile nó oideachas aosach.
o Eolas ar mhodhanna taighde oideachais.
o Taithí maidir le tacú, meantóireacht agus maoirsiú a dhéanamh ar mhic léinn taighde ar leibhéal fochéime nó iarchéime.
o Scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin den scoth.
o Inniúlacht sa Ghaeilge
Inmhianaithe:
o Cáilíocht Leibhéal 10 san oideachas nó i ndisciplín ábhartha
o Taithí ar oibriú ar líne
o Ábhair foilsithe agus taithí maidir le cur i láthair comhdhála taighde
Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ar a bhfoirm iarratais conas a shásaíonn siad gach ceann de na scileanna agus den taithí riachtanach atá leagtha amach don chlár.
DUALGAIS AGUS FREAGRACHTAÍ:
Gné lárnach de gach clár IOM is ea Taighde Oideachais. Moltar do dhaltaí taithí a fháil ar thaighde foilsithe, smaoineamh ar nós taighdeoirí agus sonraí a úsáid go cuí. Is tosaíocht é cultúr taighde níos láidre a fhorbairt i measc na mac léinn a bhíonn ag plé le hoideachas múinteoirí toisc go gcuirimid ar chumas na mac léinn dul i mbun taighde a ligeann dóibh naisc a dhéanamh idir eolas agus cleachtas, agus iad a spreagadh chun cleachtas a fheabhsú go leanúnach i bhfianaise dúshláin nua.
Beidh ról tábhachtach ag an maoirseoir taighde ó thaobh tacú lenár mic léinn a gcleachtas mar ghairmithe oideachais a fhorbairt. Agus iad ag obair ina n-aonar agus mar chuid den fhoireann maoirseachta níos leithne, beidh maoirseoirí taighde freagrach as meantóireacht agus measúnú a dhéanamh agus as aiseolas a sholáthar do mhic léinn ar dhearadh agus ar fhorbairt taighde. Áirítear ar na dualgais sin ach gan a bheith teoranta dóibh:
• An oiliúint riachtanach a chuireann foireann Modhanna Taighde IOM ar fáil, lena n-áirítear oiliúint ar Chosaint Leanaí agus RGCS, a chur i gcrích
• Beidh orthu dul i mbun idirchaidreamh le comhordaitheoir na modhanna taighde agus leis an bhfoireann teagaisc de réir mar is gá.
• Athbhreithniú a dhéanamh ar dhréachtchaibidil agus ar uirlisí taighde.
• Aiseolas ó bhéal agus i scríbhinn a sholáthar do mhic léinn.
• Measúnú a dhéanamh ar mhic léinn mar chéad léitheoir agus dara léitheoir araon.
• Oibriú i dtimpeallacht ar líne agus úsáid a bhaint as córais TF agus ríomhfhoghlama IOM.
• A chinntiú go gcloíonn mic léinn le treoirlínte eiticiúla, reachtaíochta agus beartais na hInstitiúide agus iad i mbun taighde.
• Tuarascálacha faoi ghráid a sheoladh isteach de réir riachtanais an chláir.
• Idirchaidreamh a dhéanamh leis an gcomhordaitheoir modhanna taighde agus leis an bhfoireann teagaisc de réir mar is gá.
Faisnéis a bhaineann le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM): Tá tuilleadh faisnéise ar IOM agus a cláir ar fáil ar shuíomh Gréasáin na hInstitiúide www.mie.ie
IARRATAS, PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA.
Is trí phainéal agallaimh ar a mbeidh triúr (3) ar a laghad a reáchtálfar an t-agallamh agus beidh na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun iarratasóirí sa disciplín a mheas ón dáta bunaithe agus is é sin dáta an chéad agallaimh. Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá.
Beidh ar gach iarratasóir rathúil dul faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shainiúil maidir leis an bpróiseas sin ag an am iomchuí. Ní dhéanfar iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide ina leith seo a bhreithniú.
IARRATAS A DHÉANAMH:
Comhlánaigh litir chlúdaigh agus CV agus seol iad mar ríomhphost chuig careers@mie.ie nó sa phost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.
Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé hAoine an 27 Feabhra 2026. Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh na sprice sin.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.
Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.

RIACHTANAIS IARRATAIS
- Curriculum Vitae
- Litir Chlúdaigh
.
Is féidir iarratais a chur isteach trí
- Ríomhphost
.
Cuir Iarratas Chuig:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
Dublin 9
Dublin
D09 R232
Contae:
Baile Átha Cliath
Ceantar Poist:
Dublin 9
Ceisteanna Chuig:
Suíomh Gréasáin:
COMHROINN AN FÓGRA SEO