ADVERT ID 246667

Deputy Principal

.

Gaelscoil Liatroma

Cora Droma Rúisc
Co Liatroma
Cora Droma Ruisc Carrick on Shannon
N41V2H5
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Fri Nov 14 2025
Application Closing Date:
Fri Nov 28 2025
Commencement Date:
Fri Dec 19 2025
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream with Special Classes
School Structure:
Vertical
School Patronage:
An Foras Patrunachta
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
11
Current Enrolment:
196
Droichead school:
No
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
Is scoil Lán Ghaeilge í Ghaelscoil Liatroma. Tá tumoideachas i bhfeidhm ar fud na scoile. Is Scoil Chaitliceach faoin bhForas Patrúnachta. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga ag an té a cheapfar.

Is folúntas do Leas-Phríomhoide é seo agus post buan i gcáil mhúinteoireachta a líonfar trí chomórtas oscailte. Socraítear róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Leas-Phríomhoide ag na 4 Fearainn Ceannaireachta agus Bainistíochta mar atá leagtha amach i gCaibidil 4 de Chiorclán ROS 0044/2019:

1. Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Ceannaireachta a Fhorbairt

Beidh an t-iarrthóir rathúil ina chuid ríthábhachtach d’fhoireann cheannaireachta agus bhainistíochta na scoile, agus is é freagracht iomlán an duine seo ná tacaíocht iomlán a thabhairt don Phríomhoide i gcomhbhainistíocht agus i bhfás agus i bhforbairt leanúnach na scoile. De réir Imlitir 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a thagann athrú leanúnach ar riachtanais na scoile agus mar thoradh ar athbhreithniú a dhéanamh ar na dualgais, go bhféadfadh athrú a bheith ar róil agus freagrachtaí na foirne ceannaireachta agus bainistíochta. Seachas dualgais shonracha riaracháin agus bhainistíochta a chomhlíonadh, tá ról ceannaireachta agus spreagtha comhroinnte ag an Leas-Phríomhoide. Le chéile, tá an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide ar fhoireann bhainistíochta shinsearach na scoile agus oibreoidh siad le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí na scoile a chomhlíonadh. Beidh ar an Leas-Phríomhoide ionadaíocht a dhéanamh don Phríomhoide i ngach ábhar a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin, riaracháin agus smachta laistigh den scoil le linn don phríomhoide a bheith as láthair. Sannfar ról an Leas-Dhuine Caidrimh Ainmnithe ar an Leas-Phríomhoide freisin, mar chuid don Cosaint Leanaí.

Ina theannta sin, tá na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:

Eolas leathan ar churaclam na bunscoile.
Tiomanta d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
Ard chaighdean Gaeilge labhartha agus scríofa.
An teanga a chuir chun cinn i bpobal na scoile.
Sár-scileanna bainistíochta daoine agus idirphearsanta.
Cumas cruthaithe a bheith ag obair mar cheannaire foirne agus mar bhall foirne.
Taithí ar ualach oibre a chur in ord, a phleanáil agus a eagrú go háirithe i gcúrsaí Riachtanais Oideachais Speisialta (ROS).
Taithí i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm, i bhfeidhmiú agus i meastóireacht ar thionscnaimh agus ar thionscadail nuálacha scoilbhunaithe.

Iarratais tríd an phost chuig Cathaoirleach an Bhord Bhainistíochta, Gaelscoil Liatroma, Cora Droma Rúisc, Co Liatroma. N41 V2H5.
Nó tríd ríomhphoist: postanna2025@gmail.com

Iarrtar ar iarrthóirí litir iarratais amháin trí mhéan na Gaeilge agus trí chóip den fhoirm iarratais don phost mar Leas-Phríomhoide a sheoladh isteach.

Glacfar le h-iarratais go dtí 5:00in ar an spriocdháta.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
20212D
Apply To:
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta
Gaelscoil Liatroma
Cora Droma Rúisc
Co Liatroma
N41V2H5
County:
Leitrim

SHARE THIS ADVERT