ID FÓGRA 246409
Leas-Phríomhoide
.
Scoil Mhuire Caiseal
Caiseal
Ceann Droma
Fánaid
Leitir Ceanainn
F92V449
Ceann Droma
Fánaid
Leitir Ceanainn
F92V449
.
PRÍOMHSHONRAÍ
Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Aoine Samh 7 2025
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Samh 21 2025
Dáta Tosaithe:
Luan Ean 5 2026
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
4
Rolla Reatha:
64
Scoil Droichead:
Níl
Gaelscoil
.
SONRAÍ AN PHOIST
Eolas Breise:
Is Scoil Ghaeltachta, le stadas DEIS Tuaithe í Scoil Mhuire, Caiseal, atá faoi phatrúnacht deoise Ráth Bhoth. Tá ceathrar múinteoirí - Príomhoide teagaisc, beirt mhúinteoirí ranga agus múinteoir Oideachais Speisialta sa scoil.
Is folúntas do phost an Leas-Phríomhoide é seo, post buan i gcáil mhúinteoireachta a líonfar trí chomórtas oscailte.
Ní mór d’iarratasóirí teastas aitheanta a bheith acu chun reiligiún a mhúineadh, tuiscint a bheith acu ar éiteas Bunscoil Chaitliceach agus a bheith tiomanta dó.
Socraítear róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Phríomhoide ag na 4 Fhearainn Ceannaireachta agus Bainistíochta mar atá leagtha amach i gCaibidil 4 de Chiorclán ROS 0044/2019:
1. Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Ceannaireachta a Fhorbairt
Beidh an t-iarrthóir rathúil ina chuid ríthábhachtach d’fhoireann cheannaireachta agus bhainistíochta na scoile, agus is é freagracht iomlán an duine seo ná tacaíocht iomlán a thabhairt don Phríomhoide i gcomhbhainistíocht agus ii bhfás agus i bhforbairt leanúnach na scoile.
De réir Imlitir 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a thagann athrú leanúnach ar riachtanais na scoile agus mar thoradh ar athbhreithniú na ndualgaisí, go bhféadfadh athrú a bheith ar róil agus ar fhreagrachtaí na foirne ceannaireachta agus bainistíochta.
Tá an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide, le chéile, ar fhoireann bhainistíochta shinsearach na scoile agus oibreoidh siad le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí na scoile a chomhlíonadh.
De bharr freagrachtaí an róil fosta, beidh ar an t-iarrthóir rathúil a bheith rannpháirteach sa ról ceannaireachta comhroinnte taobh amuigh de ghnáth lá scoile agus den ghnáth scoilbhliain, in amanna. Seachas dualgais shonracha riaracháin agus bhainistíochta a chomhlíonadh, tá ról ceannaireachta agus spreagtha comhroinnte ag an Leas Phríomhoide.
Beidh ar an Leas-Phríomhoide ionadaíocht a dhéanamh don Phríomhoide in achan ábhar a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin, riaracháin agus smachta taobh amuigh den scoil le linn don phríomhoide a bheith as láthair. Rannfar ról an Leas-Dhuine Caidrimh Ainmnithe ar an Leas Phríomhoide fosta, mar chuid don Chosaint Leanaí.
Oibreoidh an Leas-Phríomhoide i gcónaí i gcomhar leis an Phríomhoide agus faoi stiúir an Phríomhoide.
Ina theannta sin, tá na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:
Eolas leathan ar churaclam na bunscoile, mar aon le raon leathan taithí teagaisc lena n-áirítear taithí ar ranganna ilghrád a mhúineadh agus ar theagasc i suíomh DEIS.
A bheith tiomanta d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
Ard chaighdeán Gaeilge labhartha agus scríofa a bheith acu.
Suim a bheith acu sa teanga agus í a chur chun cinn i bpobal na scoile.
Sár-scileanna bainistíochta daoine agus idirphearsanta a bheith acu.
Cumas cruthaithe a bheith ag obair mar cheannaire foirne agus mar bhall foirne.
Taithí ar ualach oibre a chur in ord, a phleanáil agus a eagrú.
Tuiscint agus inniúlacht i dteicneolaíocht, faisnéise agus cumarsáide (TFC) agus á húsáid d’obair riaracháin agus obair a bhaineann le hoideachais, mar aon le cur le chéile agus cur i bhfeidhm polasaithe.
Taithí i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm, i bhfeidhmiú agus i meastóireacht ar thionscnaimh agus ar thionscadail nuálacha scoilbhunaithe (m.sh. Scoileanna Glasa, Scoileanna Gníomhacha, Litearthacht, uimhearacht agus tionscadail ETIM & rl).
Suim láidir i naisc agus i ngníomhaíochtaí dearfacha baile-scoile-pobail a chothú agus a chothabháil agus an tábhacht atá leis an cheangail sin a thuiscint agus a neartú.
Toilteanas agus cumas cultúr láidir cúraim, folláine, foghlama agus cruthaitheachta a chur chun cinn i measc phobal na scoile.
Suim i gceol, i ndrámaíocht agus i gcultúr na hÉireann.
Suim inléirithe i gcur chun cinn éagsúlacht gníomhaíochtaí seach-churaclaim (m.sh. ceol, spórt, drámaíocht, na healaíona agus ETIM i measc na ndaltaí scoile).
Déan iarratas le do thoil ag baint úsáide as an leagan reatha den Fhoirm Iarratais Chaighdeánach do Phríomhoide Bunscoile/Leas-Phríomhoide.
Iarratais le cur ar ríomhphost tráth nach déanaí ná 4 i.n. ar an dáta deiridh 21/11/25
Beidh an ceapachán faoi réir, ach gan a bheith teoranta do:
Tagairtí Sásúla
Clárú na Comhairle Múinteoireachta reatha agus leanúnach
Riachtanais Ghrinnfhiosrúcháin Reatha
Scagadh Sláinte Ceirde
Cuimhnigh, le do thoil, cóipeanna de do theastais aitheanta chun an Creideamh a theagasc agus Clárú na Comhairle Múinteoireachta a chur le d’fhoirm iarratais agus le litir iarratais.
Iarratais trí/Applications may be submitted by
Ríomhphost/Email: foluntaiscaiseal@gmail.com

RIACHTANAIS IARRATAIS
- Tá sé riachtanach go mbeadh Dearbhú Reachtúil bailí ag an duine a cheapfar agus go gcomhlánódh siad an Fhoirm Ghealltanais.
- Litir Iarratais
- Réiteoirí (ainm, ról, uimhir theagmhála.)
- Cóip de Theastais, Dioplómaí, Céimeanna
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- Foirm Iarratais Chaighdeánach ar Phost an Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide – as Gaeilge
- Teastas Aitheanta chun Oideachas Reiligiúnach a Mhúineadh
.
Is féidir iarratais a chur isteach trí
- Ríomhphost
.
Uimhir Rolla:
18120J
Cuir Iarratas Chuig:
foluntaiscaiseal@gmail.com
Contae:
Dún na nGall
Ceisteanna Chuig:
COMHROINN AN FÓGRA SEO