ID FÓGRA 246109
Leas-Phríomhoide
.
Scoil Gharbhain
Scoil Gharbháin
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
.
PRÍOMHSHONRAÍ
Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Céad DFómh 29 2025
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Céad Samh 12 2025
Dáta Tosaithe:
Luan Samh 24 2025
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
22
Rolla Reatha:
310
Scoil Droichead:
Tá
Gaelscoil
.
SONRAÍ AN PHOIST
Eolas Breise:
Tugann Bord Bainistíochta Scoil Gharbháin cuireadh d'iarrthóirí cur isteach ar phost mar leas-phríomhoide sa scoil. Is post buan é seo agus déanfar an ceapachán trí chomórtas oscailte. Comhlíonfar an ceapachán de réir théamaí imlitir 0044/2019.
Is Gaelscoil Chaitliceach, páiste-lárnach í Scoil Gharbháin ina bhfuil sároideaeachas trí Ghaeilge á fháil ag daltaí na scoile. Beidh roghnú an duine rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht:
• Teagasc agus Foghlaim a Threorú
• An eagraíocht a bhainistiú
• Forbairt scoile a threorú
• Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt
Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, caithfidh an t-iarrthóir tiomantas agus spéis bheo a léiriú do chur chun cinn na Gaeilge i suíomh an tumoideachais ach go háirithe. Oibreoidh an leas-phríomhoide go dlúth leis an bpríomhoide agus beidh air/uirthi gníomhú nó ionadaíocht a dhéanamh mar phríomhoide in éagmais an phríomhoide. Bainfidh freagreachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d'fhorbairt na scoile. Beidh saineolas ar cheannaireacht chomhroinnte, ar bhainistíocht agus ar riarachán scoile chomh maith le scileanna ceannaireachta cruthaitheacha ag teastáil ó na hiarrthóirí.
Is gá fianaise ar obair mar chuid d'fhoireann agus caidrimh dhearfacha a chothú le baill foirne, gníomhaireachtaí seachtracha, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal scoile níos leithne a léiriú.
Tá de dhualgas ar gach iarrthóir na critéir cháilíochta thíos a chomhlíonadh-
Cláraithe in iomlán leis an gComhairle Múinteoireachta i ngleic le Bealach 1 Bunoideachas, 5 bliana de thaithí aitheanta mar mhúinteoir, agus 2 bhliain den mhéid seo a bheith lonnaithe i mbunscoil aitheanta na hÉireann.
Glacfar le hiarratais ar ríomhphost amháin chuig iarratais@scoilgharbhain.ie go dtí 2pm ar an 12 Samhain 2025.
RIACHTANAIS IARRATAIS
Tá sé riachtanach go mbeadh Dearbhú Reachtúil bailí ag an duine a cheapfar agus go gcomhlánódh siad an Fhoirm Ghealltanais.
Litir Iarratais
Foirm Iarratais Chaighdeánach ar Phost an Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide – as Gaeilge
Clárú na Comhairle Múinteoireachta (cóip)
Teastas Aitheanta chun Oideachas Reiligiúnach a Mhúineadh (cóip)

- Tá sé riachtanach go mbeadh Dearbhú Reachtúil bailí ag an duine a cheapfar agus go gcomhlánódh siad an Fhoirm Ghealltanais.
- Litir Iarratais
- Clárú na Comhairle Múinteoireachta
- Foirm Iarratais Chaighdeánach ar Phost an Phríomhoide agus an Leas-Phríomhoide – as Gaeilge
- Teastas Aitheanta chun Oideachas Reiligiúnach a Mhúineadh
.
Is féidir iarratais a chur isteach trí
- Ríomhphost
.
Uimhir Rolla:
19814B
Cuir Iarratas Chuig:
Scoil Gharbháin
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
Clais na Lachan,
Dún na Mainistreach,
Dún Garbhán,
X35NP84
Contae:
Port Láirge
Ceisteanna Chuig:
Suíomh Gréasáin:
COMHROINN AN FÓGRA SEO