ID FÓGRA 245928

Múinteoir Oideachais Speisialta

.

Gaelscoil Ruairí

Campas Oideachais Nua
Bóthar an Mhaigh gCláir
Maigh Nuad
W23V29H
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Máirt DFómh 21 2025
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Máirt Samh 4 2025
Dáta Tosaithe:
Céad Samh 12 2025
Stádas an Phoist:
Téarma Seasta
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth le Ranganna Speisialta
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
10
Rolla Reatha:
174
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is post deich mí seo ó 12/11/25 go dtí an 31/08/26 mar mhúinteoir oideachais speisialta.

Is gaelscoil nuabhunaithe, ilchreidmheach í Gaelscoil Ruairí atá lonnaithe i Maigh Nuad (W23V29H). Is é An Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019. Tá an-éileamh ar an scoil agus tá sí ag fás go suntasach bliain i ndiaidh bliana. Osclaíodh rang uathachais sa scoil i 2023 chomh maith.

Ní mór do na hiarratasóirí a bheith feasach gur post é seo i scoil nua agus bheadh solúbthacht riachtanach don phost seo. Is deis é seo don iarratasóir ceart, ról iontach gníomhach a ghlacadh i nGaelscoil ilchreidmheach nua le béim ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil do pháistí i suíomh comhoibritheach, oscailte agus tacúil.

Is buntáiste aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóir: 3ú teanga, spórt, ceol, rince, dramaíocht agus ardscileannna ríomhaireachta. Bheadh taithí múinteoireachta i nGaelscoil ina bhuntáiste chomh maith le ham caite ag obair mar mhúinteoir oideachais speisialta.

Déanfar painéal d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú as a dhéanfadh folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta na n-agallamh.

Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí ríomhphost a sheoladh chuig iarratais2025@gaelscoilruairi.ie
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20527F
Cuir Iarratas Chuig:
iarratais2025@gaelscoilruairi.ie
Contae:
Cill Dara

COMHROINN AN FÓGRA SEO