ADVERT ID 243656

Deputy Principal

.

Scoil an Duinnínigh

Draighneán
Bothar Fhaol Droma
Kinsealy
Co. Átha Cliath
K67 V207
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Sat Aug 23 2025
Application Closing Date:
Fri Oct 3 2025
Commencement Date:
Mon Oct 20 2025
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
25
Current Enrolment:
400
Droichead school:
Yes
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
Folúntas do Phríomhoide Tánaisteach

Tugann Bord Bainistíochta Scoil an Duinnínigh, faoi phátrúnacht Ardeaspag Bhaile Átha Cliath, Dermot Farrell, Uimhir Rolla: 19898K, cuireadh d’iarratais ar an bpost mar Phríomhoide Tánaisteach.

Is ceapachán buan é seo a dhéanfar trí iomaíocht oscailte.

Critéir Incháilitheachta:

Ní mór d’iarrthóirí:
• A bheith Lán-chláraithe faoi Bhealach 1 (Bunscoil) leis an gComhairle Mhúinteoireachta.
• 5 Bliain caite i mbun seirbhís mhúinteoireachta aitheanta, agus 2 Bliain den mhéid seo i mbunscoil aitheanta i bPoblacht na hÉireann

Ciorclán 0044/2019, 1.2: ‘Cé go bhfuil an Príomhoide freagrach i ndeireadh na dála don Bhord Bainistíochta, de réir mar is cuí, as bainistíocht agus ceannaireacht na scoile, tá post ríthábhachtach ag an bPríomhoide Tánaisteach i bhfoireann na ceannaireachta sinsearaí i scoil. Éilíonn ceannaireacht roinnte oscailteacht agus toilteanas ó Phríomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha an cheannaireacht agus freagrachtaí bainistíochta a roinnt agus a dháileadh ar shlí a spreagann comhpháirtíocht agus a thacaíonn léi. Comhoibríonn an Príomhoide Tánaisteach leis an bPríomhoide agus ról an Phríomhoide á chomhlíonadh aige/aici agus feidhmíonn sé/sí mar Phríomhoide nuair a bhíonn an Príomhoide as láthair. Ní eascraíonn aon chearta uathfheidhmeacha i dtaca le teacht i gcomharbacht mar Phríomhoide as bheith ag feidhmiú mar Phríomhoide’.

Feidhmeoidh an té a cheapfar mar bhall lárnach d’fhoireann ceannasaíochta agus bainistíochta na scoile. Tá sé rí-thábhachtach go mbeadh na róil agus freagrachtaí sannta fós ábhartha do riachtanais agus thosaíochtaí na scoile. Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ag eatraimh rialta ar shannadh ról agus freagrachtaí, agus é a dhéanamh gach dhá bhliain ar a laghad.

Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cailíochta Um Cheannaireacht agus Bainistíocht i Scoileanna na hÉireann:
1. Teagasc agus Foghlaim a threorú
2. An Eagraíocht a bhainistiú
3. Forbairt scoile a threorú
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Ag teacht leis na réimsí thuasluaite, agus ag obair go dlúth leis an bPríomhoide, bainfidh freagrachtaí an phoist seo le forbairt churaclaim uile-scoile, forbairt polasaithe, bainistíocht laethúil na scoile agus pleanáil straitéiseach d’fhorbairt na scoile.

Léireoidh an t-iarratasóir rathúil, go hidéalach:

• Tuiscint agus Tiomantas do Luachanna, Fís agus Éiteas Caitliceach Scoil an Duinnínigh.
• Tiomantas agus spéis bheo do chur chun cinn agus do chaomhnú na Gaeilge agus an chultúir
• Fianaise ar leibhéal ard tiomantais d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach
• Fianaise ar obair mar pháirt d’fhoireann agus caidrimh dhearfacha a chothú le baill foirne, Bord Bainistíochta, gníomhaireachtaí seachtracha, tuismitheoirí/caomhnóirí agus an pobal scoile níos leithne
• Saineolas ar cheannaireacht, bainistíocht agus riarachán scoile
• Scileanna ceannaireachta cruthaithe, lena n-áirítear forbairt agus cur i bhfeidhm beartais
• Ardscileanna cumarsáide agus idirphearsanta mar aon le cumas daoine a bhainistiú
• Tiomantas don cheannaireacht roinnte agus acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt sa scoil
• Tuiscint ar an bpróiseas féinmheastóireacht scoile agus forbairt polasaithe
• Tuiscint agus eolas ar na riachtanais atá nasctha le soláthar na gCásanna Oideachais Speisialta, cuimsiú agus éagsúlacht
• Eolas domhain ar an gCuraclam Nua Bunscoile agus réimse leathan taithí múinteoireachta


Glacfar le hiarratais leictreonacha (ríomhphost) amháin chuig foluntas@scoiland.ie faoi bhráid Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta roimh 12 meánlae ar an 3/10/2025 .

Tá trí iarratas bailí ar a laghad ag teastáil le dul ar aghaidh.

Beidh an ceapachán faoi réir riachtanais Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána, tagairtí sásúla, agus scagadh leighis réamhfhostaíochta.

Tá sé riachtanach go mbeadh Dearbhú Reachtúil bailí ag an duine a cheapfar agus go gcomhlánódh siad an Fhoirm Ghealltanais.

.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
19898K
Apply To:
FAOI BHRÁID: Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta

TRÍ RÍOMHPHOST ROIMH MHÉANLAE AR AN AOINE 3 DEIREADH FÓMHAIR 2025 CHUIG: foluntas@scoiland.ie


County:
Dublin
Postal District:
County Dublin

SHARE THIS ADVERT