ID FÓGRA 238489

Cúntóir Riachtanas Speisialta

.

Scoil na gCeithre Maistri

Lios Uí Mhulláin
Áth Luain
N37RP03
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Gníomhach
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Aoine Meith 13 2025
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Aoine Meith 27 2025
Dáta Tosaithe:
Déar Lún 28 2025
Stádas an Phoist:
Téarma Seasta
Líon na bhFolúntas:
2
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
23
Rolla Reatha:
244
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Tá Post seasta téarmach agus post roinnt i gceist anseo. Tá sé riachtanach go mbeadh ardchaighdeán Gaeilge ag an duine a chuireann isteach ar an bpost seo. Ní ghlacfar le hiarrataisí scríofa as Béarla.

Bheadh sé buntáistiúil taithí mar Chúntóir Ranga i nGaelscoil a bheith ag an iarrthóir.

1) Is bunscoil lán Ghaeilge luath thumadh iomlán í Scoil na gCeithre Máistrí. Beidh ardchaighdeán Gaeilge riachtanach. Litir Iarratais agus CV i nGaeilge amháin.

2.Is gá gach riachtanas a bhaineann leis an iarratas seo a chomhlíonadh. Grinnfhiosrúcháin suas chun dáta agus OHS comhlíonta.

3. Bunófar painéal d'iarrthóirí oiriúnacha as a d'fhéadfaí aon fholúntas CRS a thiocfadh aníos sa scoil a líonadh i rith na scoilbhliana seo chugainn.

4. D'fhéadfaí dualgais an chuntóra R.S. a bheith i Rang Speisialta Uathachais scoile, i ranganna uathachais luath idirghábhála réamhscoile nó i suíomh phríomhshrutha leis an bpost seo.

Is Gaelscoil í seo. Grá agus suim sa Ghaeilge tarraingteach.
An-tarraingteach dá mbeadh taithí agat ag obair i suíomh scoile le páistí le ASD, cáilíochtaí garchabhrach agus cumas maith in úsáid ríomhairí.
Ní mór d’iarrthóirí, eitic oibre láidir a bheith acu, a bheith solúbhtha agus cumas oibriú go neamhspleach agus mar chuid de fhoireann. Tá scileanna cumarsáide, tuiscint ar struchtúr scoile, a bheith toilteanach níos mó traenála a dhéanamh más gá agus a páirt a ghlachadh i ngníomhachtaí scoile an-tábhachtach freisin.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

  • Litir Iarratais

  • CV (Digiteach)
.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
19948W
Cuir Iarratas Chuig:
iarratais2025@ceithremaistri.ie
Contae:
An Iarmhí

COMHROINN AN FÓGRA SEO