ID FÓGRA 211162

Príomhoide

.

Scoil na bhForbacha

Na Forbacha
Co. na Gaillimhe.
N/A
H91RR60
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Aoine Aib 19 2024 12:03:04
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan Beal 6 2024
Dáta Tosaithe:
Aoine Lún 30 2024
Stádas an Phoist:
Buan
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Scoil sa Ghaeltacht
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
10
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Is Bunscoil í Scoil na bhForbacha le aitheantas mar Scoil Ghaeltachta agus tá faoi pháthrúntacht Dheoise na Gaillimhe.Ba mhian le Bord Bainistíochta Scoil na bhForbacha fáilte a chur roimh iarratais don phost mar Phríomhoide.Beidh cúram riaracháin i gceist sa bpost seo don Naíonra atá faoi scáth an Bhoird.
Is post lán aimseartha atá i gceist agus déanfar an ceapachán faoi théarmaí an Chiorcláin 0044/2019.
Ní mór do iarrthóirí na critéir thíos a chomhlíonadh.
Ba choir go mbeadh an t-iarrthóir cláraithe leis an gComhairle Múinteoireachta agus tréimhse seirbhíse ar a laghad de 5 bhliana a bheith acu i mbunscoileanna i bPoblacht na hÉireann.
Beidh roghnú an iarratasóra rathúil bunaithe ar cheithre inniúlacht atá ar aon dul leis an gCreat Cáilíochta um Cheannaireacht agus Bainistíocht
1. Foghlaim agus Teagasc a Threorú
2. An eagraíocht a bhainistiú
3. Forbairt scoile a threorú
4. Inniúlacht cheannaireachta a fhorbairt

Beidh na scileanna,feasacht,taithí agus inniúlachtaí seo inmhianaithe:

Go mbeadh sár thuiscint agus eolas ar cheannaireacht scoile,bainistíocht agus riarachán i suíomh bunscoile.

Go mbeadh tuiscint agus tiomántas do eiteas Chaitliceach agus ábaltacht chun tacaíocht agus ceangailtí scoile /pobail a spreagadh.

Go mbeadh ábáltacht cruthaithe oibriú i gcomhpháirt le baill eile foirne,Boird Bainistíochta agus an pobal i gcoitinne.

Go mbeadh cruthúnas i gceist do bhainistíocht agus scileanna cumarsáide in ábaltacht chun gaolmhaireachtaí dearfacha a chothú i measc daltaí,foirne,tuismitheoirí agus an phobail.

Go mbeadh cruthúnas ar scileanna ceannaireachta i gceist a bhaineann le gach gné do shaol scoile go mór mór mar a bhaineann le féinmheasúnacht agus forbairt curraclam.

Go mbeadh tiomántas ann do cheannaireacht roinnte agus toillteanacht chun tarmligean agus forbairt ceannaireachta a spreagadh agus a chumasú.

Go mbeadh saineolas ar Churraclam na Bunscoile agus réimse taithí múinteoireachta.

Go mbeadh tuiscint agus eolas ar riachtanais maidir le Oideachas Speisialta,ionchuimsiú agus éagsúlacht.

Go mbeadh fianaise tiomántais i dtaobh forbairt leanúnach proifeisiúnta.

Go mbeadh tuiscint air agus bheith in ann tacaíocht a thabhairt i leabú na dteicneolaíochtaí digiteacha.

Go mbeadh scileanna idirphearsanra agus cumarsáid den scoth chun ceannaireacht a dhéanamh.

Iarratais chuig An Cathaoirleach,Bord Bainistíochta Scoil na bhForbacha,Na Forbacha,Co. na Gaillimhe i bhfoirm iarratais do Phríomhoidí roimh an 6ú Bealtaine 2024 @5pm

• Iarratais-ar-phost-an-Phríomhoide ar fhoirm iarratais caighdeánach
• Litir Iarratais
• Sonraí do Fhínéithe nó moltóirí
• Cóip de theastais cháilithe
• Curraclam Vitae Digiteach
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost

  • Litir
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
17668G
Cuir Iarratas Chuig:
An Cathaoirleach,
Bord Bainistíochta
Scoil na bhForbacha,
Na Forbacha,
Co. na Gaillimhe
H91RR60
Contae:
Gaillimh
Ceisteanna Chuig:

COMHROINN AN FÓGRA SEO