ID FÓGRA 204217

Múinteoir Ranga Príomhshrutha

.

Gaelscoil Ruairí

Campas Oideachais Nua
Bóthar an Mhaigh gCláir
Maigh Nuad
W23V29H
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Luan DFómh 9 2023 18:46:36
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan DFómh 23 2023
Dáta Tosaithe:
Luan Samh 6 2023
Stádas an Phoist:
Buan
Líon na bhFolúntas:
1
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth le Ranganna Speisialta
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
An Foras Patrúnachta
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
6
Rolla Reatha:
113
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Painéal Iarratasóirí:
Féadfar painéal inmheánach d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de thréimhse ama ar leith ón dáta a fhaomhfaidh an Bord an t-iarrthóir rathúil (ceithre mhí i gcás poist mhúinteora agus fad na scoilbhliana do phoist CRS).
Eolas Breise:
Is gaelscoil nuabhunaithe, ilchreidmheach í Gaelscoil Ruairí atá lonnaithe i Maigh Nuad (W23V29H). Is é An Foras Pátrúnachta patrún na scoile. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2019. Tá an-éileamh ar an scoil agus tá sí ag fás go suntasach bliain i ndiaidh bliana.

Tá ardchaighdeán Gaeilge, idir labhartha agus scríofa riachtanach don phost. Glacfar le hiarratais i nGaeilge amháin trí ríomhphost a sheoladh chuig iarratais2023@gaelscoilruairi.ie

Ní mór don iarratasóir a bheith feasach gur post é seo i scoil úr nua agus bheadh solúbthathacht riachtanach don phost seo. Is deis den scoth é seo don iarratasóir ceart, ról iontach gníomhach a ghlacadh i nGaelscoil ilchreidmheach nua le béim ar ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil do pháistí i suíomh comhoibritheach, oscailte agus tacúil.

Is buntáiste aon cheann de na buanna seo a bheith ag iarratasóir: 3ú teanga, spórt, ceol, rince, dramaíocht agus ardscileannna ríomhaireachta. Bheadh taithí múinteoireachta i nGaelscoil ina bhuntáiste chomh maith.

Déanfar painéal d’iarratasóirí oiriúnacha a bhunú as a dhéanfadh folúntais sa todhchaí a líonadh laistigh de thréimhse 4 mhí ó dháta na n-agallamh.

Is post mar mhúinteoir ranga príomhsrutha é seo don chéad bhlian ach d'fhéadfadh le múinteoireacht oideachais speisialta nó múinteoireacht i rang speisialta a bheidh i gceist amach anseo.
.
.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
20527F
Cuir Iarratas Chuig:
Campas Oideachais Nua
Bóthar an Mhaigh gCláir
Maigh Nuad
W23V29H
Contae:
Cill Dara

COMHROINN AN FÓGRA SEO