ID FÓGRA 136052

Príomhoide

.

Gaelscoil Raifteiri

Faiche an Aonaigh
Caisleán an Bharraigh
F23 RC84
.

PRÍOMHSHONRAÍ

Stádas:
Díghníomhaithe
Leibhéal:
Bunscoil
Dáta Postáilte:
Sath Meith 27 2020
Spriocdháta le haghaidh Iarratas:
Luan Iúil 13 2020
Dáta Tosaithe:
Máirt MFómh 1 2020
Stádas an Phoist:
Buan
Is athfhógra é seo
.
SONRAÍ SCOILE
Cineál Scoile:
Príomhshruth
Struchtúr na Scoile:
Ingearach
Inscne:
Comhoideachas
Pátrúnacht na Scoile:
Caitliceach
Rangú:
Gaelscoil
Líon Iomlán na mBall Foirne Múinteoireachta:
13
Rolla Reatha:
229
Scoil Droichead:
Gaelscoil
.

SONRAÍ AN PHOIST

Eolas Breise:
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Scoil Raifteirí le hiarrtais chun post an phríomhoide riarúcháin a líonadh i Scoil Raifteirí. Ba í an chéad Ghaelscoil a bunaíodh i gCaisleán an Bharaigh, Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1983. Ofrálann an scoil sár chaighdeán oideachais trí mhean na Gaeilge do bhuachaillí agus cailíní óga an bhaile. Tá éiteas láidir Chaitileach sa scoil, atá faoi Phatrúin an Dr. Mícheál Ó Nearaigh, Ardeaspaig Thuama.

Ag tosnú amach ar chóras na scoile, cé nach bhfuil Gaeilge líofa ag na páistí óga, ná ar a dtoil acu, fásann an Ghaeilge orthu de réir a chéile mar gheall ar an atmasféar nadúrtha foghlama atá le bhraith sa scoil faoi stiúr na noidí. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile, agus ó thús, tá clú agus cáil ar chaighdeán an Ghaeloideachas a chuireann foireann na scoile ar fáil do bhreis agus 230 dhaltaí.

Tá triúr dhuine dheag ar fhoireann teagaisc na scoile leis an bPríomhoide riarúcháin, triúr mhúinteoirí oideachais speisialta le duine amháin roinnte le scoil eile, san áireamh. Tá cúntóir riachtanais speisialta amháin le huaireanta lae naíonán fostaithe sa scoil. Tá rúnaí, airitheoir agus glanaítheoir fostaithe ó dheontas cúntach ROS.

Is mian linn duine cumasach agus fuinniúil a cheapadh mar Phríomhoide Scoil Raifteirí. Ní mór go mbeidh sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide, scileanna bainistiú foirne agus scileanna forbartha cruthaithe acu le sár scileanna pleanála agus eagrúcháin ag an duine a cheapfar. Beidh fís láidir ag an té a cheapfar leanacht ar aghaidh le na ratha acadúile atá bainte amach ag na hiar-scoláirí. Tá traidisiúin fhada de ghníomhaíochtaí seach-churaclaim freisin curtha ar fáil do na daltaí.

Is deis ar leith í seo don té a cheapfar a (h)oidhreacht féin a chruthú i mbaile a bhfuil an-éileamh ar an nGaelscolaíocht.

Is fostóir comhdheiseanna í Scoil Raifteirí.

Glacfar le iarrtais don phost roimh 5pm ar 13-07-2020.

Tuilleadh eolais le fáil ar suíomh idirlíona na scoile.

.

RIACHTANAIS IARRATAIS

.

Is féidir iarratais a chur isteach trí

  • Ríomhphost
.

CUIR IARRATAS ISTEACH AR AN bhFOLÚNTAS SEO

Uimhir Rolla:
19832D
Cuir Iarratas Chuig:
scoilraifteiri2015@gmail.com
Contae:
Maigh Eo
094 9024700

COMHROINN AN FÓGRA SEO