Scoil - Céard é an táb Stair ar gach fógra?
Faoin táb Stair bíonn an fógróir in ann amharc ar na céimeanna uile a tugadh maidir le fógra – is cineál de rian iniúchóireachta atá ann. Bíonn sé leagtha amach ina thábla imeachtaí de réir na gcolún a leanas:
- Dáta: An dáta ar tharla an t-imeacht
 - Gníomh: Ainm an imeachta (nó an gníomh ba chúis leis)
 - Úsáideoir: An t-úsáideoir a rinne an gníomh is bonn leis an iontráil
 - Sonraí: Cur síos gairid ar an imeacht
 
- Nuair a bheidh an cruinniú gearrliostaithe a sceidealaíodh tríd an tairseach thart, féadfaidh sé go mbeidh tuilleadh sonraí le fáil faoin táb Stair
 - Má tá tuilleadh sonraí curtha isteach i dtaca leis an imeacht, roghnaigh an t-imeacht agus amharc ar an mbosca dialóige. Sórtáil na sraitheanna de réir na gcolún ‘Dáta’, ‘Gníomh’ nó ‘Úsáideoir’ trí chliceáil ar an gceannsraith don cholún sin.
 - De réir na réamhshocruithe, sórtáiltear an stair de réir an cholúin ‘Dáta’ agus na hiontrálacha is sine ag an mbarr
 - Is féidir leis an bhFógróir an tábla Stair a íoslódáil mar CSV trí chliceáil ar an gcnaipe Íoslódáil Stair
 
Iontrálacha Gaolmhara:



