ADVERT ID 255173

Principal Teacher

.

Gaelscoil Raifteiri

Faiche an Aonaigh
Caisleán an Bharraigh
F23 RC84
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Thu Jun 11 2026
Application Closing Date:
Thu Jun 25 2026
Commencement Date:
Mon Nov 2 2026
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
Gaelscoil
Total No. of Teaching Staff:
14
Current Enrolment:
247
Droichead school:
Yes
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
Fáiltíonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil Raifteirí le hiarrtais chun post an phríomhoide riaracháin a líonadh i nGaelscoil Raifteirí. Ba í an chéad Ghaelscoil a bunaíodh i gCaisleán an Bharaigh, Co. Mhaigh Eo sa bhliain 1983. Cuireann an scoil sárchaighdeán oideachais ar fáil trí mheán na Gaeilge do bhuachaillí agus do chailíní óga an bhaile mhóir. Tá éiteas láidir Caitliceach sa scoil, atá faoi phátrúnacht Ardeaspag Thuama, an tArd-Easpag Proinsias Ó Dufaigh.

Ag tosú amach ar chóras na scoile, cé nach mbíonn Gaeilge líofa ag na páistí óga, ná ar a dtoil acu, fásann an Ghaeilge orthu de réir a chéile mar gheall ar an atmaisféar nádúrtha foghlama atá le brath sa scoil faoi stiúir na n-oidí. Is í an Ghaeilge teanga chumarsáide na scoile, agus ón tús tá clú agus cáil ar chaighdeán an Ghaeloideachais a chuireann foireann na scoile ar fáil do 247 dalta.

Tá ceathrar déag ar fhoireann teagaisc na scoile, an Príomhoide Riaracháin agus triúr múinteoirí oideachais speisialta san áireamh. Tá triúr cúntóirí riachtanas speisialta fostaithe sa scoil. Tá rúnaí, airítheoir agus glantóirí fostaithe sa scoil freisin.

Is mian linn duine cumasach agus fuinniúil a cheapadh mar Phríomhoide Gaelscoil Raifteirí. Ní mór don té a cheapfar sárscileanna ceannaireachta, cumarsáide, bainistíochta foirne agus forbartha a bheith cruthaithe aige/aici, chomh maith le sárscileanna pleanála agus eagrúcháin.

Beidh fís láidir ag an té a cheapfar chun tógáil ar na héachtaí acadúla atá bainte amach ag iar-scoláirí na scoile. Ina theannta sin, beidh sé/sí tiomanta do thraidisiún láidir na scoile maidir le réimse leathan gníomhaíochtaí seach-churaclaim a chur ar fáil do na daltaí.

Beidh na ceithre réimse maidir le Ceannaireacht agus Bainistíocht atá sa leabhrán Ag Breathnú ar an Scoil Againne, mar aon le Ciorclán 0044/2019 ón Roinn Oideachais agus Scileanna, san áireamh san agallamh.

Is deis ar leith í seo don té a cheapfar a (h)oidhreacht féin a chruthú i mbaile a bhfuil an-éileamh ar an nGaelscolaíocht ann.
Is fostóir comhdheiseanna í Gaelscoil Raifteirí.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar shuíomh idirlín na scoile.
Dícháilíonn canbhasáil iarratasóirí.

Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 12 meán lae ar an dáta deiridh.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Email
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
19832D
Apply To:
Faiche an Aonaigh
Caisleán an Bharraigh
F23 RC84
County:
Mayo
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT