ADVERT ID 247786

Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Tue Jan 13 2026
Application Closing Date:
Fri Jan 30 2026
Commencement Date:
Mon Feb 2 2026
Status of Post:
Permanent
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge
Description:
PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA AGUS RAON AN PHOIST

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas le Saineolas i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge a cheapadh ar bhonn buan lánaimseartha.
Tá duine á lorg ag IOM chun bheith ina bhall nuálach gníomhach den fhoireann teagaisc agus chun modúil a theagasc lena ngabhann dualgais a bhaineann le réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge. Beidh dualgais ghinearálta i réimse an oideachais freisin ar an duine a cheapfar, e.g., maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúchán, maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime, agus modúil a theagasc nach mbaineann le réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge.

Tá sé tábhachtach go mbeidh an duine a cheapfar tiomanta don mhúinteoireacht ardchaighdeáin agus don fhoghlaim ardchaighdeáin i dtimpeallacht atá mac léinn-lárnach. Is inmhianaithe spéis i dtimpeallacht ildisciplíneach. An duine a cheapfar, ní mór dó fianaise a léiriú ar thiomantas láidir do bharrfeabhas sa mhúinteoireacht, i dtaighde agus i ngníomhaíocht scolártha leanúnach.

Cáilíochtaí agus Scileanna Riachtanacha (i.e. na cáilíochtaí agus scileanna sin nach mbeadh an t-iarrthóir in ann an obair a dhéanamh gan iad. Ní chuirfear ar an ngearrliosta aon iarratais nach bhfuil sé léirithe orthu go bhfuil na riachtanais éigeantacha ag na hiarrthóirí):

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ag an iarrthóir chun go mbreithneofar é don phost:

a) Cáilíocht iarchéime ábhartha ar leibhéal na máistreachta nó na dochtúireachta san Oideachas nó fianaise ar dhul chun cinn i dtreo dochtúireacht a bhaineann le réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge.
b) Taithí fheidhmeach ábhartha i réimse an oideachais agus cumas léirithe cúrsaí ardchaighdeáin a sholáthar ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime.
c) Fianaise ar thaighde nuálach/cleachtas i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge, go háirithe i réimse an oideachais bhunscoile agus luath-óige/an tumoideachais/na socheolaíochta/tuiscintí stairiúla agus fealsúnacha ar an oideachas.
d) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse fairsing an oideachais agus i réimse níos sonraí na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge agus an tslí a múineann múinteoirí an Ghaeilge ar fud chontanam an oideachais ó dhearcthaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon.
e) Inniúlacht i réimse an oideachais ar líne, cuir i gcás ríomhfhillteáin, bealaí foghlama cumaisc, bealaí cianfhoghlama agus bealaí foghlama solúbtha.
f) Cáilíocht sa mhúinteoireacht, a chuireann ar chumas an iarrthóra clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Inmhianaithe
a) Cáilíocht Leibhéal 10 san oideachas nó i ndisciplín ábhartha
b) Ábhair foilsithe agus taithí maidir le cur i láthair comhdhála taighde

Inniúlacht sa Ghaeilge
Beidh scrúdú Gaeilge i scríbhinn agus ó bhéal mar chuid den phróiseas agallaimh.

Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratas conas a chomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais sin.

CUR SÍOS AR AN BPOST

An Caidreamh Tuairiscithe
Ceanglófar ar an duine a cheapfar na dualgais a bhaineann leis an bpost a chomhlíonadh, faoi stiúir ghinearálta Cheann na Roinne, dá dtuairisceoidh sé/sí, agus dá mbeidh sé/sí freagrach as comhlíonadh na ndualgas sin sa chéad dul síos. An duine a cheapfar, tabharfaidh sé tuairisc trí Cheann na Roinne d’Uachtarán na hInstitiúide agus/nó do cibé oifigeach eile de chuid IOM a ainmneoidh an tUachtarán ó am go chéile.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe a bheith faoi réir athbhreithniú tréimhsiúil, i gcomhréir le riachtanais na seirbhíse agus forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí
Áirítear an méid seo a leanas ar na freagrachtaí ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime:

• Ceapadh clár/modúl, léachtóireacht, obair theagascóireachta, agus scrúdúchán i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge (agus i réimsí féideartha eile) le haghaidh cláir fochéime agus iarchéime
• Straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama a fhorbairt
• Tiomantas a léiriú do chlár oibre taighde a shaothrú agus taighde a fhoilsiú i réimse na Múinteoireachta, na Foghlama agus an Taighde trí Mheán na Gaeilge
• Ríomhfhillteáin a chur le chéile in éineacht le mic léinn ar fud chontanam an oideachais
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúchán
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ag tabhairt faoi thaighde fochéime agus iarchéime.
• Páirt a ghlacadh i ndualgais/próisis riaracháin uile na roinne, lena n-áirítear cruinnithe na roinne, na hInstitiúide agus grúpaí eile
• Freastal ar chruinnithe uile na gCúirteanna Scrúdaitheoirí agus páirt a ghlacadh iontu
• Ballraíocht ar choistí na hInstitiúide agus dualgais a chomhlíonadh a bhaineann leis na coistí sin
• Ceannaireacht a léiriú i réimse a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis don Institiúid, mar shampla an inbhuanaitheacht, an t-idirnáisiúnú agus teagasc agus foghlaim ar líne
• Dul i gcomhairle le mic léinn agus leis an bpobal foghlama i gcoitinne
• Páirt a ghlacadh i bpróisis roghnúcháin le haghaidh mic léinn féideartha, cuir i gcás agallaimh a bhaineann leis an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas/mic léinn lánfhásta
• Cur le himeachtaí atá ar fhéilire na hInstitiúide, cuir i gcás an Lá Oscailte, an tseachtain ionduchtúcháin, feitheoireacht ar scrúduithe
• Moltaí a thabhairt maidir le modúil agus cúrsaí nua a cheapadh agus cur leis an gceapadh sin, de réir mar is cuí
• Feidhmiú mar theagascóir pearsanta do mhic léinn de réir mar a shanntar
• Seacht dtreoirphrionsabal na nIontaobhaithe a chur chun cinn

I measc na ndualgas tá léachtóireacht ar na cláir fochéime (Baitsiléir san Oideachas, Baitsiléir san Oideachas Trí Mheán na Gaeilge (Bunmhúinteoireacht), Baitsiléir Eolaíochta i Léann an Oideachais, Baitsiléir Eolaíochta san Oideachas Luath-Óige), na cláir iarchéime (lena n-áirítear na cláir mháistreachta agus an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas), agus páirt a ghlacadh i gcláir pháirtaimseartha agus eile a chur ar fáil. An duine a cheapfar, cuirfidh sé le ceapadh cúrsaí agus polasaithe ar an leibhéal fochéime agus an leibhéal iarchéime araon.

Is ceart a thabhairt faoi deara nach mór don duine a cheapfar obair bhuíne a dhéanamh i ngach réimse oibre/roinn san Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainmhínithe go ginearálta faoi na ceannteidil atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é. Ceanglófar ar an duine a cheapfar feidhmiú ar bhealach solúbtha comhghleacúil. Coimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh agus/nó baill foirne a athshannadh do réimsí eile den Institiúid, mar fhreagairt do riachtanais na seirbhíse.

IARRATAS A DHÉANAMH, AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

An Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta

Déanfar iarrthóirí a chur ar ghearrliosta a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarrthóra mar atá curtha síos orthu san iarratas. Is faoin iarrthóir atá sé deimhin a dhéanamh de go gcuirfear aon eolas ábhartha san áireamh ina iarratas agus go léirítear go soiléir an tslí a gcomhlíonann sé critéir shonraithe an iarrthóra.

Is é painéal agallaimh a chuirfear an t-agallamh ar an iarrthóir, ar painéal é ar a mbeidh 3 daoine ar a laghad agus a bheidh comhdhéanta de na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun iarrthóirí sa disciplín a mheas. Is é an Bord Rialaithe a dhéanann gach ceapachán chun poist in IOM. Moltaí an phainéil agallaimh maidir leis na hiarrthóirí a n-éiríonn leo a cheapadh i bpoist, cuirfear faoi bhráid Bhord Rialaithe IOM iad ionas go bhféadfaidh an Bord iad a bhreithniú agus cinntí a dhéanamh i dtaca leo.

I gcás nach ndéanann an painéal agallaimh aon mholadh maidir le ceapachán buan, coimeádann an Institiúid an ceart iarrthóir iomchuí, a shainaithneofar tríd an bpróiseas roghnúcháin, a cheapadh sa phost ar théarma seasta.

D’fhéadfaí painéal a chur le chéile as a gceapfar daoine sa phost seo go buan nó ar conarthaí ar théarma seasta, fad is a mhaireann an painéal. Scoirfidh an painéal de bheith ann 12 mhí tar éis an lá a bhunófar é, is é sin dáta an agallaimh dheiridh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil i dtaca le haon oiliúint agus taithí a mhaítear ina n-iarratas, má iarrtar sin orthu.

Tréimhse Phromhaidh
Braitheann an ceapachán ar thréimhse phromhaidh 6 mhí ar fhad a chur i gcrích go sásúil. D’fhéadfaí an tréimhse phromhaidh a shíneadh faoi rogha na hInstitiúide ach in aon chás ní mhairfidh sí níos mó ná 11 mhí. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.

Grinnfhiosrú an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé go n-iarrfaí ar gach iarrthóir a n-éiríonn leis dul faoi ghrinnfhiosrú an Gharda Síochána. Cuirfear treoir shonrach maidir leis an bpróiseas sin ar fail ag tráth iomchuí. Aon iarrthóir nach gcomhlíonann ceanglais na hInstitiúide maidir leis an ábhar seo, cuirfear as an áireamh iad.

Tuarastal
Is é an scála tuarastal bliantúil reatha ná:

Léachtóir Cúnta €59,337 go €96,058 (Scála 9 bpointe)
Léachtóir €63,942 go €101,747 (Scála 9 bpointe)

Iarratais a dhéanamh
Déan iarratas trí litir chumhdaigh agus CV (ní chuirtear foirmeacha iarratais speisialta ar fáil) a sheoladh, ar ríomhphost más féidir é, chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:

Oifig na nAcmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9.

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé hAoine an 30 Eanáir. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh mall.

Ní bheidh an Institiúid freagrach as aon chostas, costais taistil san áireamh, a bheidh le híoc ag iarrthóirí i dtaca lena n-iarrthóireacht.

Is fostóir comhionannais deiseanna í Institiúid Oideachais Marino.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Curriculum Vitae
  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

  • Email

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT