ADVERT ID 246464

Deputy Principal

.

SN an tSratha Mhóir

Gleann Domhain
Mín an Lábáin
Leitir Ceanainn
F92P280
.

MAIN DETAILS

Status:
Active
Level:
Primary
Date Posted:
Fri Nov 7 2025
Application Closing Date:
Fri Nov 21 2025
Commencement Date:
Mon Jan 5 2026
Status of Post:
Permanent
.
SCHOOL DETAILS
School Type:
Mainstream
School Structure:
Vertical
Gender:
Co-Educational
School Patronage:
Catholic
Classification:
DEIS Rural
Total No. of Teaching Staff:
4
Current Enrolment:
64
Droichead school:
No
Gaelscoil
.

POST DETAILS

Additional Information:
Is scoil sa Ghaeltacht í Scoil an tSratha Mhóir. Tá tumoideachas i bhfeidhm ar fud na scoile agus tá stádas Gaeltachta bainte amach ag an scoil. Is Scoil Chaitliceach faoi Phatrúin Dheoise Rath Bhoth í Scoil an tSratha Mhóir agus ní mór don t-iarrathóir rathúil leiriú go mbeidh siad in ann éiteas na scoile a stiúradh agus a neartú. Beidh sárscileanna cumarsáide, ceannaireachta, bainistíochta, teanga ag an té a cheapfar.

Is folúntas do Leas-Phríomhoide é seo agus post buan i gcáil mhúinteoireachta a líonfar trí chomórtas oscailte. Socraítear róil agus freagrachtaí riachtanacha phost an Leas-Phríomhoide ag na 4 Fearainn Ceannaireachta agus Bainistíochta mar atá leagtha amach i gCaibidil 4 de Chiorclán ROS 0044/2019:

1. Teagasc agus Foghlaim a Threorú
2. An Eagraíocht a Bhainistiú
3. Forbairt Scoile a Threorú
4. Inniúlacht Ceannaireachta a Fhorbairt

Beidh an t-iarrthóir rathúil ina chuid ríthábhachtach d’fhoireann cheannaireachta agus bhainistíochta na scoile, agus is é freagracht iomlán an duine seo ná tacaíocht iomlán a thabhairt don Phríomhoide i gcomhbhainistíocht agus i bhfás agus i bhforbairt leanúnach na scoile. De réir Imlitir 0044/2019, ba chóir a thabhairt faoi deara, de réir mar a thagann athrú leanúnach ar riachtanais na scoile agus mar thoradh ar athbhreithniú a dhéanamh ar na dualgais, go bhféadfadh athrú a bheith ar róil agus freagrachtaí na foirne ceannaireachta agus bainistíochta. Seachas dualgais shonracha riaracháin agus bhainistíochta a chomhlíonadh, tá ról ceannaireachta agus spreagtha comhroinnte ag an Leas-Phríomhoide. Le chéile, tá an Príomhoide agus an Leas-Phríomhoide ar fhoireann bhainistíochta shinsearach na scoile agus oibreoidh siad le chéile chun aidhmeanna agus cuspóirí na scoile a chomhlíonadh. Beidh ar an Leas-Phríomhoide ionadaíocht a dhéanamh don Phríomhoide i ngach ábhar a bhaineann le cúrsaí eagrúcháin, riaracháin agus smachta laistigh den scoil le linn don phríomhoide a bheith as láthair. Sannfar ról an Leas-Dhuine Caidrimh Ainmnithe ar an Leas-Phríomhoide freisin, mar chuid don Cosaint Leanaí.

Ina theannta sin, tá na scileanna, an taithí agus an t-eolas seo a leanas inmhianaithe:

Eolas leathan ar churaclam na bunscoile, mar aon le raon leathan taithí teagaisc lena n-áirítear taithí ar ranganna ilghrád a mhúineadh agus ar theagasc i suíomh DEIS.
Tiomanta d'fhorbairt ghairmiúil leanúnach agus ábhartha.
Ard chaighdean Gaeilge labhartha agus scríofa.
Suim sa teanga agus í a chur chun cinn i bpobal na scoile.
Sár-scileanna bainistíochta daoine agus idirphearsanta.
Cumas cruthaithe a bheith ag obair mar cheannaire foirne agus mar bhall foirne.
Taithí ar ualach oibre a chur in ord, a phleanáil agus a eagrú.
Taithí i bhforbairt, i gcur i bhfeidhm, i bhfeidhmiú agus i meastóireacht ar thionscnaimh agus ar thionscadail nuálacha scoilbhunaithe (m.sh. Scoileanna Glasa, Scoileanna Gníomhacha, Litearthacht agus tionscadail STEM srl).
Suim inléirithe i gcur chun cinn éagsúlacht gníomhaíochtaí seach-churaclaim (m.sh. Ceol, Spórt, Drámaíocht, Na hEalaíona agus STEM) i measc na ndaltaí scoile.

Iarratais tríd an phost amháin chuig Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta, Teach an tSagairt, Mín an Lábáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, F92H2V6. Iarrtar ar iarrthóirí trí chóip den foirm iarratais ar phost an Leas-Phríomhoide a sheoladh. Glacfar le h-iarratais go dtí 5:00in ar an spriocdháta.
.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

.

Applications may be submitted by

  • Post
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Roll Number:
15208I
Apply To:
Cathaoirleach an Bhord Bainistíochta,
Teach an tSagairt,
Mín an Lábáin,
Leitir Ceanainn,
Co. Dhún na nGall,
F92H2V6.
County:
Donegal
Further Information:

SHARE THIS ADVERT