ADVERT ID 246050
Mheasúnóirí ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga ar An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG)
.
.
MAIN DETAILS
Status:
Active
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Fri Oct 24 2025
Application Closing Date:
Fri Nov 7 2025
Commencement Date:
Mon Nov 17 2025
Status of Post:
Part-Time
Number of Vacancies:
5
.
POST DETAILS
Title:
Mheasúnóirí ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga ar An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG)
Description:
An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG)
The Irish Language Requirement
Measúnóir ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga
CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN BPOST
Is pobal teagaisc, foghlama agus taighde é Institiúid Oideachais Marino (IOM) atá tiomanta do chuimsiú agus barr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Tá baint fhada bhródúil againn leis an oideachas, go háirithe le hoideachas tosaigh múinteoirí (ITE), a théann siar os cionn 100 bliain. Le deich mbliana anuas, rinneadh athshamhlú ar mhisean acadúil agus ar raon feidhme ghníomhaíocht IOM chun tuiscint níos doimhne a chuimsiú ar oideachas sa seomra ranga agus lasmuigh de, chun leanúnachas oideachais múinteoirí agus oideachas cleachtóirí oideachais speisialaithe ag leibhéil luathbhlianta, bunoideachais agus breisoideachais a ionchorprú.
An Cháilíocht sa Ghaeilge:
Is riachtanas cáilíochta é An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG) do mhúinteoirí bunscoile a bhain amach a gcuid cáilíochtaí múinteoireachta bunscoile lasmuigh den Stát agus a bhfuil 'Coinníoll Gaeilge' ag gabháil lena gclárú, nuair a chláraíonn siad leis an gComhairle Mhúinteoireachta. Chun an coinníoll sin a shásamh, ní mór d'iarrthóirí tabhairt faoin gCáilíocht sa Ghaeilge agus í a chomhlánú go rathúil.
Is mian le Oifig na gCáilíochtaí Gaeilge (SCG / OCG) in Institiúid Oideachais Marino múinteoirí a earcú chuig painéal de Mheasúnóirí ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga ar bhonn páirtaimseartha sealadach don bhliain acadúil 2025/26. Cuirtear fáilte roimh iarratais ó mhúinteoirí atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta agus a bhfuil spéis acu tacú le múinteoirí agus measúnú a dhéanamh orthu agus na gnéithe praiticiúla de An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG) ar siúl acu sa seomra ranga.
Bíonn tréimhse mheasúnaithe amháin ar na gnéithe praiticiúla ann gach bliain – bloc ceithre seachtaine ó lár mhí Eanáir go lár mhí Feabhra. Ba chóir d'iarratasóirí a bheith ar fáil ar feadh na seachtainí sin, le linn uaireanta bunscoile, chun tabhairt faoi chuairteanna ar scoileanna. Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus fanfaidh iarratais gníomhach ar feadh suas le 12 mhí.
CÁILÍOCHTAÍ AGUS SCILEANNA RIACHTANACHA:
(i.e. gan iad seo, ní bheadh iarrthóir in ann an post a dhéanamh.
Ní chuirfear ar an ngearrliosta iarratais ó iarrthóirí nár léirigh go soiléir go bhfuil na riachtanais chuí acu.)
Chun breithniú a fháil do phost an Mheasúnóra ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga ar an gCáilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG), ní mór d'iarratasóirí an méid seo a leanas a léiriú:
o Cáilíocht mhúinteoireachta, a cháilíonn an t-iarrthóir chun clárú le Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann;
o Inniúlacht den scoth sa Ghaeilge, idir Ghaeilge scríofa agus labhartha;
o Cúig bliana ar a laghad de thaithí ghairmiúil san oideachas;
o Eolas den scoth ar an gcuraclam teanga ag an mbunleibhéal;
o Cumas léirithe chun a bheith ag obair i dtimpeallacht ar líne;
o Taithí ar a bheith ag tacú agus ag meas cleachtas gairmiúil;
o Scileanna idirphearsanta, cumarsáide agus eagrúcháin den scoth.
Inmhianithe:
o Ceadúnas tiomána iomlán agus glan;
o Taithí ar shuíomhanna oideachais lán-Ghaeilge.
Ní mór d'iarrthóirí a chur in iúl go soiléir ar a bhfoirm iarratais, go gcomhlíonann siad gach ceann de na scileanna agus an taithí réamhriachtanach atá leagtha amach do Mheasúnóirí ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga ar An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG).
DUALGAIS AGUS FREAGRACHTAÍ:
Is gné lárnach den Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG) é an measúnú ar ghnéithe praiticiúla scoilbhunaithe. Ag obair ina n-aonar agus mar chuid d'fhoireann níos leithne na Cáilíochta sa Ghaeilge (SCG / OCG), tá freagracht ar Mheasúnóirí ar Theagasc na Gaeilge sa Seomra Ranga as measúnú agus aiseolas a sholáthar.
I measc na ndualgas, ach gan a bheith teoranta dóibh, tá:
• Breathnú sa Seomra Ranga bunscoile, le linn uaireanta scoile, ar mhúinteoirí atá ag gabháil do na gnéithe praiticiúla de An Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG);
• Aiseolas ó bhéal agus i scríbhinn a chur ar fáil;
• Measúnú a dhéanamh ar mhúinteoirí sa Seomra Ranga;
• Idirchaidreamh le múinteoirí ranga, príomhoidí, agus príomhpháirtithe leasmhara eile de réir mar is gá;
• Forbairt ghairmiúil leanúnach a chur i gcrích faoi stiúir fhoireann na Cáilíochta sa Ghaeilge (SCG / OCG) agus scáthú ar chuairteanna scoile a dhéanamh mar chuid den oiliúint;
• Oiliúint maidir le Cosaint Leanaí agus GDPR a chur i gcrích;
• Idirchaidreamh a dhéanamh le Comhordaitheoir Náisiúnta na Cáilíochta sa Ghaeilge, agus le riarthóirí na Cáilíochta sa Ghaeilge, maidir le héilimh chaiteachais, aighneachtaí tuarascála agus saincheisteanna lóistíochta;
• Idirchaidreamh a dhéanamh leis an mball de Roinn na Gaeilge, IOM, a dhéanann maoirseacht acadúil ar an gCáilíocht sa Ghaeilge;
• A bheith ag obair i dtimpeallacht ar líne trí chórais TF agus ríomhfhoghlama IOM;
• Eolas a chur ar an Siollabas don Cháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG), ar Lámhleabhair na Cáilíochta sa Ghaeilge agus ar Cháipéisí Pleanála;
• Tuarascálacha grád a chur isteach de réir riachtanais na Cáilíochta sa Ghaeilge.
Eolas a bhaineann le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM): Tá tuilleadh eolais faoi IOM agus a cláir ar fáil ar shuíomh gréasáin na hInstitiúide: www.mie.ie
Eolas a bhaineann leis an gCáilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG): Tá tuilleadh eolais faoin gCáilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG) ar fáil ag: www.ilrweb.ie
IARRATAIS, PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS FAISNÉIS GHINEARÁLTA:
Beidh triúr ar a laghad ar an bpainéal agallaimh agus beidh sé comhdhéanta de na daoine is oiriúnaí agus is cáilithe chun measúnú a dhéanamh ar iarratasóirí ar an bpost mar Mheasúnóir ar Theagasc na Gaeilge ar an gCháilíocht sa Ghaeilge (SCG / OCG). Má lorgaítear í, ní mór d'iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a sholáthar faoina n-oiliúint agus faoina dtaithí go léir. Táthar ag súil leis go mbeidh agallaimh ar siúl i rith mhí Dheireadh Fómhair 2025.
Beidh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo páirt a ghlacadh i ngrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shonrach ar an bpróiseas sin ag an am cuí. Iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide maidir leis sin, ní cuirfear san áireamh iad do bhreithniú.
CHUN IARRATAS A DHÉANAMH:
Comhlánaigh an fhoirm atá ceangailte ag Aguisín a hAon agus seol ar ais í in éineacht le do CV trí ríomhphost chuig careers@mie.ie, nó tríd an bpost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna,
Institiúid Oideachais Marino,
Ascaill Uí Ghríofa,
Baile Átha Cliath 9.
D09 R232.
Ní mór foirmeacha iarratais comhlánaithe a bheith faighte roimh 5.00pm Dé hAoine an 7 Samhain, 2025. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais de chineál ar bith, lena n-áirítear costais taistil, costais ar dhócha iad a bheith le tabhú mar chuid den iarratas.
Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.

APPLICATION REQUIREMENTS
- Application Form
- Curriculum Vitae
.
Applications may be submitted by
.
Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:
Website:
SHARE THIS ADVERT