ADVERT ID 238898

LÉACHTÓIR CÚNTA SAN OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR OIDEACHAS REILIGIÚNACH

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Tue Jun 17 2025
Application Closing Date:
Mon Jun 23 2025
Status of Post:
Fixed-term
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
LÉACHTÓIR CÚNTA SAN OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR OIDEACHAS REILIGIÚNACH
Description:
Institiúid Oideachais Marino (IOM)

Agus é spreagtha ag fís na Críostaíochta, pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea IOM atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste comhlachaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath é IOM, agus cuireann sé cláir fochéime agus iarchéime san oideachas ar fáil, lena n-áirítear cláir oideachais thosaigh mhúinteoireachta.

Cuireann Comhlacht Rialaithe IOM cuireadh roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha don phost de


LÉACHTÓIR CÚNTA SAN OIDEACHAS LE SAINEOLAS AR OIDEACHAS REILIGIÚNACH

CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST
Dualgais agus Téarmaí & Coinníollacha Ginearálta Fostaíochta


1 PRÓIFÍL AN IARRTHÓRA AGUS RAON FEIDHME AN PHOIST

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas Reiligiúnach a cheapadh ar bhonn buan, lánaimseartha ag tosú mí Lúnasa 2025.

Beidh dualgais ghinearálta ag an gceapaí i réimse an oideachais freisin. m.sh. maoirseacht ar mhic léinn atá ar shocrúchán, maoirseacht ar thaighde fochéime agus iarchéime, agus modúil teagaisc san Oideachas Reiligiúnach agus sa Teastas um Oideachas Reiligiúnach do Bhunscoileanna.

Is tábhachtach an tréith é an tiomantas don fhoghlaim agus teagasc d’ardchaighdeán i dtimpeallacht mac léinn-lárnach. Tá sé inmhianaithe díograis le haghaidh timpeallacht ildisciplíneach a bheith ag an iarrthóir. Caithfidh an duine a cheapfar fianaise a léiriú dá dtiomantas láidir do bharr feabhais sa teagasc, taighde agus sa ghníomhaíocht leanúnach scolártha.


Cáilíochtaí agus Scileanna Bunriachtanacha (i.e. scileanna nach féidir le hiarrthóir an post a dhéanamh gan iad. Ní dhéanfar iarratais a chur ar an ngearrliosta nár léirigh go soiléir go bhfuil na bunriachtanais ag an iarrthóir):

Ionas go measfar iad don phost seo, beidh an méid a leanas ag teastáil ó iarratasóirí:

a) Cáilíocht ábhartha iarchéime ag leibhéal na máistreachta agus, más féidir, ag leibhéal dochtúireachta san Oideachas / san Oideachas Reiligiúnach nó a coibhéis
b) Tuiscint ar an dóigh a dtéann Diagacht Chríostaí i bhfeidhm ar theagasc an Oideachais Reiligiúnaigh i mbunscoileanna atá bunaithe ar chreideamh
c) Taithí iomchuí i réimse an oideachais le hinniúlacht léirithe chun cúrsaí d’ardchaighdeán a chur ar fáil ag leibhéal na fochéime agus leibhéal na hiarchéime
d) Fianaise ar rannpháirtíocht i gcleachtas agus i dtaighde atá nuálach i réimse an Oideachais Reiligiúnaigh, go háirithe i réimse an bhunoideachais nó i réimse an oideachais iar-bhunscoile
e) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse leathan an oideachais agus go háirithe san Oideachas Reiligiúnach, agus conas a theagascann múinteoirí an tOideachas Reiligiúnach trasna chontanam an oideachais ó pheirspictíochtaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon
f) Cumas san oideachas ar líne, amhail ríomhphunanna chomh maith le bealaí foghlama cumaisc, cianda agus solúbtha
g) Cáilíocht mhúinteoireachta, trína bhfuil an t-iarrthóir cáilithe le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Bealach 1 nó Bealach 2)

a) Critéir Inmhianaithe
Líofacht sa Ghaeilge


Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratais an dóigh a gcomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais seo.


2. CUR SÍOS POIST

An Caidreamh Tuairiscithe

Éilítear ar an gceapaí na dualgais a bhaineann leis an bpost a chur i gcrích, faoi stiúradh ginearálta Cheann Roinn na hIonchuimsitheachta, an Oideachais Reiligiúnaigh agus Shaol na Mac Léinn, dá dtuairiscíonn sé/sí, agus dá bhfuil sé/sí freagrach as feidhmiú na ndualgas sin ar an gcéad dul síos. Tuairisceoidh an duine a cheapfar trí Cheann Roinn na hIonchuimsitheachta, an Oideachais Reiligiúnaigh agus Shaol na Mac Léinn chuig Uachtarán na hInstitiúide agus/nó dá leithéid d’oifigigh IOM eile a d’fhéadfadh an tUachtarán a ainmniú ó am go ham.

D’fhéadfadh an caidreamh tuairiscithe bheith faoi réir ag athbhreithniú tréimhsiúil, ar aon dul le riachtanais seirbhíse agus le forbairtí san Institiúid.

Dualgais agus Freagrachtaí

Áirítear na nithe seo a leanas leis na dualgais:

• Dearadh clár/modúl, léachtóireacht, obair ar ranganna teagaisc, agus measúnú i réimse an Oideachais Reiligiúnaigh (agus b’fhéidir i réimsí eile) maidir le cláir fochéime agus iarchéime
• Forbairt straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama
• Tiomantas a léiriú do chlár oibre taighde a leanúint agus do thaighde a fhoilsiú
• Forbairt ríomhphunann le mic léinn trasna chontanam an oideachais
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá ar shocrúcháin
• Maoirseacht a dhéanamh ar mhic léinn atá rannpháirteach i dtaighde fochéime agus iarchéime
• Páirt a ghlacadh sna dualgais/próisis riaracháin ar fad den roinn lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe na roinne, cruinnithe na hInstitiúide agus cruinnithe de chuid grúpaí eile
• Bheith i láthair agus páirteach i ngach cruinniú de chuid Chúirt na Scrúdaitheoirí
• Comhaltas de choistí na hInstitiúide agus na dualgais is iomchuí do na coistí sin a chomhlíonadh
• Ceannaireacht a léiriú i réimse a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leis don Institiúid.
• Comhairliúchán leis na mic léinn agus an pobal foghlama níos leithne
• Páirt a ghlacadh i ngnáthaimh roghnúcháin le haghaidh mac léinn ionchasach ar nós agallaimh don PME/agallaimh mac léinn lánfhásta
• Cur leis na himeachtaí ar fhéilire na hInstitiúide ar nós an Lá Oscailte, seachtain an ionduchtaithe, feitheoireacht scrúdaithe
• Moltaí a dhéanamh agus cur le dearadh modúl agus cúrsaí nua, de réir mar is cuí.
• Feidhmiú mar theagascóir pearsanta le mic léinn de réir leithdháilte.
• Seacht dtreoirphrionsabal na n-iontaobhaithe a chur chun cinn.


I measc dhualgais an té a cheapfar beidh léachtaí a thabhairt ar chláir fochéime (B.Oid, B.Eol i Léann an Oideachais, B.Eol san Oideachas Luath-Óige), cláir iarchéime (lena n-áirítear an MGO agus cláir mháistreachta), agus páirt a ghlacadh i seachadadh clár páirtaimseartha agus clár eile. Cuirfidh an duine a cheapfar le dearadh cúrsaí agus foirmiú polasaithe ag leibhéil fochéime agus iarchéime araon.

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach mór don cheapaí obair a dhéanamh mar bhall foirne i ngach réimse oibre/roinn laistigh den Institiúid. Cé go bhfuil na dualgais a bhaineann leis an bpost sainithe ar an iomlán faoi na ceannteidil éagsúla mar atá liostaithe, ní liosta uileghabhálach é liosta na ndualgas. Éileofar ar an gceapaí feidhmiú ar bhealach solúbtha agus comhghleacúil. Forchoimeádann IOM an ceart dualgais nua a shannadh nó foireann a athshannadh do réimsí eile na hInstitiúide, nó an dá rud araon, mar fhreagairt ar riachtanais seirbhíse.

3. EOLAS MAIDIR LE hIARRATAIS, MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

Modh Roghnúcháin le haghaidh Molta

Déanfar gearrliostú iarratasóirí a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, ar oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarratasóra de réir mar atá sonraithe san iarratas. Is é an t-iarratasóir atá freagrach as a chinntiú go gcuirtear faisnéis ábhartha uile san áireamh lena iarratas/hiarratas agus go dtaispeánann sé/sí go soiléir conas a chomhlíonann sé/sí na critéir iarrthóra shonraithe.

Déanfaidh painéal agallaimh an t-agallamh a bheidh comhdhéanta de líon nach lú ná 3 duine, agus cuimseofar na daoine is oiriúnaí agus is cáilithí ann chun iarratasóirí sa disciplín a mheasúnú. Is é an Comhlacht Rialaithe a dhéanann gach ceapachán fostaíochta ag IOM. Cuirfear moltaí an phainéil agallaimh maidir le hiarratasóirí rathúla a cheapadh do phoist uile faoi bhráid Chomhlacht Rialaithe IOM lena bhreithniú agus lena chinneadh.
Sa chás nach molann an painéal agallaimh ceapadh buan, forchoimeádann an Institiúid an ceart chun iarrthóir oiriúnach a cheapadh, aitheanta tríd an bpróiseas roghnúcháin, don phost ar bhonn téarma seasta.
D’fhéadfaí painéal a chruthú óna bhféadfaí ceapacháin ar chonarthaí buana nó téarma sheasta a líonadh le linn shaolré an phainéil. Cuirfear deireadh leis an bpainéal 12 mhí tar éis a dháta foirmithe, is é sin dáta an agallaimh thosaigh.

Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá.

Tréimhse Phromhaidh
Tá an ceapachán faoi réir ag cur i gcrích sásúil thréimhse phromhaidh 4 mhí. D’fhéadfaí an tréimhse phromhaidh a shíneadh faoi rogha na hInstitiúide ach in aon chás ní mhairfidh sí níos mó ná 6 mhí. Sínfear an tréimhse phromhaidh mar gheall ar neamhláithreachtaí lena linn. Déanfar monatóireacht ar fheidhmíocht agus ar iompar le linn na tréimhse promhaidh trí phróiseas de chruinnithe measúnaithe. Beidh foirceannadh fostaíochta le linn na tréimhse promhaidh faoi rogha na hInstitiúide. Beidh leagan ciorraithe den nós imeachta smachta infheidhme maidir le fostaithe ar promhadh.

Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach d’iarratasóirí rathúla uile páirt a ghlacadh i nGrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána. Tabharfar treoir shainiúil maidir leis an bpróiseas sin ag an am iomchuí. Déanfar iarratasóirí nach gcomhlíonann riachtanais na hInstitiúide maidir leis sin a eisiamh ó bhreithniú don cheapachán seo.

Oiliúint Bhunriachtanach
Beidh ar an iarratasóir a éiríonn leis nó léi tabhairt faoin oiliúint chomhlíontachta bhunriachtanach seo a leanas: Ionduchtú, Sláinte & Sábháilteacht agus Cosaint Sonraí (RGCS), agus ní mór dó/di fianaise a sholáthar ar Oiliúint maidir le Cosaint Leanaí de chuid Tusla a bheith déanta acu. Seans go mbeadh gá le tabhairt faoi oiliúint eile má tá gá leis sin.

Tuarastal
An scála tuarastail bhliantúil reatha; €58,750 - €95,107.

Na hIarratais a Dhéanamh
Déan iarratas le litir chlúdaigh agus CV amháin (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil),
tríd an ríomhphost más féidir chuig careers@mie.ie nó tríd an bpost chuig:
An Oifig Acmhainní Daonna
Institiúid Oideachais Marino
Ascaill Uí Ghríofa
Baile Átha Cliath 9 (D09 R232)

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé Luain 23 Meitheamh 2025. Ní ghlacfar le hiarratais a bheidh mall.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.
Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.

.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Application Form

  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT