ADVERT ID 238896

LÉACHTÓIR PÁIRTAIMSEARTHA SAN OIDEACHAS REILIGIÚNACH TRÍ MHEÁN NA GAEILGE

.

Marino Institute of Education

Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Higher & Further Education
Date Posted:
Tue Jun 17 2025
Application Closing Date:
Mon Jun 23 2025
Commencement Date:
Mon Sep 1 2025
Status of Post:
Part-Time
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
LÉACHTÓIR PÁIRTAIMSEARTHA SAN OIDEACHAS REILIGIÚNACH TRÍ MHEÁN NA GAEILGE
Description:
Institiúid Oideachais Marino (IOM)

Agus é spreagtha ag fís na Críostaíochta, pobal teagaisc, foghlama agus taighde is ea IOM atá tiomanta d’ionchuimsiú agus do bharr feabhais san oideachas a chur chun cinn. Is coláiste comhlachaithe de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Bhaile Átha Cliath é IOM, agus cuireann sé cláir fochéime agus iarchéime san oideachas ar fáil, lena n-áirítear cláir oideachais thosaigh mhúinteoireachta.

Cuireann Bord Rialaithe IOM cuireadh roimh iarratais ó dhaoine ag a bhfuil cáilíochtaí oiriúnacha don phost de


LÉACHTÓIR PÁIRTAIMSEARTHA SAN OIDEACHAS REILIGIÚNACH TRÍ MHEÁN NA GAEILGE

CUR SÍOS GINEARÁLTA AR AN bPOST

Is mian le hInstitiúid Oideachais Marino (IOM) Léachtóir Cúnta/Léachtóir san Oideachas Reiligiúnach trí Mheán na Gaeilge a cheapadh ar bhonn páirtaimseartha ó mhí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh. Reáchtálfar agallaimh de réir mar is gá agus beidh stádas gníomhach ag na hiarratais go ceann 12 mhí.

CÁILÍOCHTAÍ AGUS BUNSCILEANNA RIACHTANACHA

Ionas go measfar iad don phost seo, beidh an méid a leanas ag teastáil ó iarratasóirí:

a) Cáilíocht iarchéime ábhartha san Oideachas / Oideachas Reiligiúnach ag leibhéal máistreachta agus is fearr ag leibhéal dochtúireachta.
b) Ardchumas sa Ghaeilge.
c) Taithí iomchuí i réimse an oideachais le hinniúlacht léirithe chun cúrsaí d’ardchaighdeán a chur ar fáil ag leibhéal na fochéime agus leibhéal na hiarchéime.
d) Eolas ar fhorbairtí comhaimseartha i réimse leathan an oideachais agus go háirithe san Oideachas Reiligiúnach, agus conas a theagascann múinteoirí an tOideachas Reiligiúnach i gcontanaim an oideachais ó pheirspictíochtaí teoiriciúla agus feidhmeacha araon.
e) Cáilíocht teagaisc, trína bhfuil an t-iarrthóir cáilithe le clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Bealach 1 nó Bealach 2).


Ní mór d’iarrthóirí a léiriú go soiléir ina n-iarratais an dóigh a gcomhlíonann siad gach ceann de na réamhriachtanais seo.




DUALGAIS AGUS FREAGRACHTAÍ

Áirítear na nithe seo a leanas leis na dualgais:

• Dearadh clár / modúl, léachtóireacht, obair ar ranganna teagaisc, agus measúnú i réimse an Oideachais Reiligiúnaigh le haghaidh clár fochéime, go háirithe léachtaí san Oideachas Reiligiunach, agus sa Teastas Reiligiúnach le múineadh i scoileanna Caitliceacha.
• Forbairt straitéisí nuálacha teagaisc agus foghlama.
• Páirt a ghlacadh sna dualgais / próisis riaracháin ar fad den roinn lena n-áirítear rannpháirtíocht i gcruinnithe na roinne, cruinnithe na hInstitiúide agus cruinnithe de chuid grúpaí eile.
• Bheith i láthair agus páirteach i ngach cruinniú de chuid Chúirt na Scrúdaitheoirí.
• Comhairliúchán leis na mic léinn agus leis an bpobal foghlama níos leithne.
• Seacht dtreoirphrionsabal na n-iontaobhaithe a chur chun cinn.

EOLAS MAIDIR LE hIARRATAIS, MAIDIR LEIS AN bPRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN AGUS EOLAS GINEARÁLTA EILE.

Déanfar gearrliostú iarratasóirí a bheidh bunaithe ar cháilíochtaí, ar oiriúnacht agus ar thaithí oibre ábhartha an iarratasóra de réir mar atá sonraithe san iarratas. Ní mór d’iarrthóirí fianaise dhoiciméadach shásúil a chur ar fáil ar oiliúint agus ar thaithí uile arna maíomh acu, más gá.
IARRATAS A DHÉANAMH

Déan iarratas le litir chlúdaigh agus CV amháin (ní chuirtear aon fhoirm iarratais speisialta ar fáil), tríd an ríomhphost chuig careers@mie.ie

Ní mór iarratais chomhlánaithe a bheith faighte faoi 4.00 i.n., Dé Luain 23 Meitheamh 2025.
Ní bheidh an Institiúid freagrach as costais ar bith, lena n-áirítear speansais taistil, a bhféadfadh iarrthóirí iad a thabhú i ndáil lena n-iarrthóireacht.

Is fostóir comhdheiseanna í Institiúid Oideachais Marino.


.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Application Form

  • Covering Letter
.

Applications may be submitted by

.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
Griffith Ave
Dublin 9
Dublin
D09 R232
County:
Dublin
Postal District:
Dublin 9
Enquiries To:

SHARE THIS ADVERT