ADVERT ID 89023 *

Comhordaitheoir Cláir TechSpace As Gaeilge

.

Camara Education Ltd

FAO: HR@camara.org
https://www.camara.org
.

MAIN DETAILS

Status:
Deactivated
Level:
Other Education
Date Posted:
Tue Jul 18 2017 13:13:37
Application Closing Date:
Mon Jul 31 2017
Commencement Date:
Mon Sep 4 2017
Status of Post:
Other
Number of Vacancies:
1
.

POST DETAILS

Title:
Comhordaitheoir Cláir TechSpace As Gaeilge
Description:
Comhordaitheoir Cláir TechSpace as Gaeilge

Fiontar sóisialta beoga a bhfuil go leor dámhachtainí buaite aige is ea Camara Education Ireland. Is é aidhm an fhiontair an córas oideachais a athchóiriú agus cur ar chumas na n-oideachasóirí i bpobail atá faoi mhíbhuntáiste agus gann ar acmhainní oideachas den chéad scoth a chur ar fáil do chách.

Mar eagraíocht neamhbhrabúsach oideachais, d’oibríomar le breis agus 600 eagraíocht óige, scoil agus eagraíocht phobail go dtí seo chun cabhrú leo an teicneolaíocht a chomhtháthú mar uirlis foghlama digití. Tá leas bainte ag breis agus 2,000 oideachasóir as ár réitigh shaincheaptha le go ngnóthóidís an t-eolas, na scileanna agus an mhuinín le haghaidh uirlisí digiteacha a úsáid chun a gcleachtas a fheabhsú. Cuirtear ar chumas na n-oideachasóirí spreagadh a thabhairt d’fhoghlaimeoirí máistreacht a fháil ar scileanna an 21ú haois, mar shampla cruthaitheacht, smaointeoireacht chriticiúil, comhoibriú agus cumarsáid. Déanaimid amhlaidh trí dhá chlár oibre a sholáthar, is iad sin: Clár TechSpace agus an Clár Scoileanna agus Pobail. Oibríonn foireann seisir in Camara Education Ireland, mol oideachais Éireannach Camara Education, ar eagraíocht forbartha idirnáisiúnta í.



Ár Luachanna

Tá ceithre luach ag Camara a thaispeánaimid gach lá trínár n-iompar agus ar cuid dhílis de Camara iad. Nuair a dhéanann tú ionadaíocht do Camara, táthar ag súil leis go dtaispeánfaidh tú na luachanna sin:

Tiomanta: Soláthraímid torthaí
Comhbhách: Tá comhbhá againn lenár bhfoireann agus leis na daoine a bhfreastalaímid orthu
Cruthaitheach: Bímid i mbun nuálaíochta chun fadhbanna a réiteach
Comhoibríoch: Bainimid torthaí níos fearr amach trí obair le chéile


Beidh Comhordaitheoir Cláir TechSpace as Gaeilge ag obair mar chuid d’aonad Oideachais agus Oiliúna Camara Education Ireland.



An Próiseas Iarratais

Seol Litir Chumhdaigh i dteannta do CV. Tabhair breac-chuntas sa Litir Chumhdaigh ar an taithí ábhartha atá agat le haghaidh an róil seo agus ar na cúiseanna ar mhaith leat obair le Camara Education Ireland agus le Clár TechSpace.

Ba cheart an t-iarratas a chur isteach i nGaeilge amháin.

Is é 5pm Dé Luain an 31 lá de Iúil an dáta deiridh a ghlacfar leis an hiarratais.

Déanfar agallaimh a reáchtáil laistigh de sheachtain nó dhó tar éis an dáta sin.



An Ról: TechSpace as Gaeilge - Comhordaitheoir Cláir

Rachaidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi isteach i bhfoireann thiomnaithe Chlár TechSpace laistigh de Camara Education Ireland. Oibreoidh sé/sí i gcomhar le líonra eagraíochtaí óige náisiúnta agus scoileanna chun an clár uathúil oideachais chruthaithigh a sholáthar trí Ghaeilge.

Beidh freagracht ar shealbhóir an róil seo as cur i bhfeidhm náisiúnta an chláir a bhainistiú freisin. Ina theannta sin, soláthróidh sé/sí cúrsaí oiliúna TechSpace as Gaeilge agus cuirfidh sé/sí tacaíocht ar fáil do na Comhordaitheoirí Braisle Réigiúnacha inár n-eagraíochtaí comhpháirtíochta de réir mar a thagann an clár chun cinn ar fud na tíre.

Áireofar na nithe seo leis na dualgais sin, cé nach mbeidh siad teoranta dóibh:

Bainistíocht Cláir: caidreamh nua agus caidreamh atá ann cheana a chothú le comhpháirtithe sa líonra eagraíochtaí óige, le scoileanna agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil baint acu le líonra TechSpace.
Bainistíocht Tionscadail: pleanáil, bainistiú, tuairisciú agus cur i bhfeidhm a dhéanamh ar shraith spriocanna inghnóthaithe sainithe tionscadail agus ar an mbuiséad le haghaidh thionscadal TechSpace as Gaeilge.
Tacaíocht Pobail: Tacú le líonra náisiúnta oibrithe óige, múinteoirí, oibrithe deonacha agus Comhordaitheoirí Braisle de chuid TechSpace chun Clár TechSpace a sholáthar le daoine óga.
Soláthar Oiliúna: Meáin Dhigiteacha TechSpace agus oiliúint STEM a sholáthar d’oibrithe óige agus do mhúinteoirí. Áireofar leis sin pleanáil agus lóistíocht cúrsaí oiliúna ar aon dul le próisis agus caighdeáin na heagraíochta.
Forbairt Cláir Oideachais: Cur le cúrsaí oiliúna, acmhainní agus ábhair nua trí Ghaeilge a fhorbairt chun tacú le líonra TechSpace as Gaeilge.
Margaíocht agus Cumarsáid: cumarsáidí inmheánacha agus seachtracha tionscadail, lena n-áirítear deiseanna agus imeachtaí sárthaispeántais do dhaoine óga a phleanáil agus a chomhordú.
Faireachán agus Meastóireacht: faireachán ar an tionscadal a chur chun feidhme agus tuairisciú ina leith.
Dualgais eile a mheastar a bheith riachtanach don ról.


Riachtanais

Scileanna/Eolas/Taithí:

Ardleibhéal Gaeilge i scríbhinn agus ó bhéal.
Céim baitsiléara mar aon le taithí ar ‘oiliúint don oiliúnóir’ agus ar éascú - AGUS/NÓ - taithí ábhartha 3 bliana ar a laghad ar oideachas meán digiteach ‘oiliúint don oiliúnóir’ a sholáthar i dtimpeallachtaí óige.
Taithí ar dhaoine óga a éascú i dtimpeallacht óige iarscoile agus/nó i gcáil dheonach nó ghairmiúil.
Taithí ar shamhlacha foghlama tógachaíocha agus samhlacha foghlama ar bhonn fiosraithe a sholáthar.
Dea-scileanna teicniúla maidir le crua-earraí, bogearraí Adobe, bogearraí meán digiteach agus bogearraí cruthaitheacha eile a úsáid.
Cumas cruthaithe tionscadail a tháirgeadh agus a chur chun feidhme le mionchruinneas.
Cumas taisteal go rialta in Éirinn trína c(h)arr féin agus láncheadúnas tiomána a bheith aige/aici.
Sárscileanna cumarsáide chun líonra suíomhanna, pobal cleachtais oideachasóirí agus líon páirtithe leasmhara TechSpace as Gaeilge a mhéadú.
A bheith ina smaointeoir cruthaitheach agus ina réiteoir fadhbanna ag a bhfuil an cumas bheith seiftiúil, smaoineamh go tapa, obair go solúbtha agus dul i dtaithí ar chúinsí a bhíonn ag athrú.
A bheith ina f(h)éintionscnóir inspreagtha a ghlacfaidh úinéireacht ar an tionscadal agus a bhrúfaidh chun cinn é chun spriocanna oibríochtúla a chomhlíonadh.
Dea-chaidreamh a chothú le comhpháirtithe inmheánacha agus seachtracha agus sárscileanna eagrúcháin, bainistíochta ama agus idirphearsanta a bheith aige/aici.
Bheith deaslabhartha, áititheach agus paiseanta agus cumas a bheith aige/aici bheith mar ‘ghlór an oideachasóra’ don eagraíocht ar fad agus dár gcomhpháirtithe.

Inmhianaithe:

Réamhthaithí ar Chlár TechSpace.
Eolas ar STEM/spéis in STEM, lena n-áirítear dearthóireacht agus priontáil 3T agus trealamh Maker.
Eolas ar thionscadail, acmhainní agus smaointe idirnáisiúnta i réimse oideachas na teicneolaíochta cruthaithí arb é is aidhm leo tacú le hoideachasóirí atá ag obair le daoine óga i dtimpeallacht óige.
Spéis i scileanna nua a ghnóthú i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn don oideachas.
.

APPLICATION REQUIREMENTS

  • Letter of Application

  • CV (Unbound/Slide Binder)
.

Applications may be submitted by

  • External Application Form
.

APPLY TO THIS JOB VACANCY

Apply To:
FAO: HR@camara.org
County:
Dublin
Email Address:
Phone:

SHARE THIS ADVERT